Written answers

Tuesday, 4 November 2025

Department of Transport, Tourism and Sport

Seirbhísí Dátheangacha

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

405. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an bhfuil sé i gceist aige iachall a chur ar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath deimhin a dhéanamh de go mbeidh fógraí taifeadta béil ar sheirbhísí bus chuig na carrchlóis atá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath le clos i nGaeilge ar comhchéim leis na cinn as Béarla ar a laghad, mar a bhí i gceist le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [59548/25]

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá freagracht reachtúil ar an daa Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí a fheidhmiú, a bhainistiú agus a fhorbairt.

Mar sin, tá do cheist curtha ar aghaidh agam chuig an daa le haghaidh freagra díreach. Mura bhfaigheann an Teachta freagra laistigh de dheich lá oibre, cuir an méid sin in iúl do m’Oifig Phríobháideach le do thoil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.