Written answers
Monday, 8 September 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Cúram Leanaí
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
2762. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon teagmháil aige leis an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán ó foilsíodh scéalta sna meáin go raibh sé i mbaol dúnadh i mí Eanáir 2024; an bhfuil sé ar an eolas faoi aon ghanntanas foirne atá fós le sárú ag an Ionad; agus an bhfuil sé i gceist aige an soláthar atá ag an naíolann is mó lánGhaeilge sa Ghaeltacht a leathnú trí mhaoiniú nó tacaíochtaí breise a chur ar fáil di. [46291/25]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigtear dom go raibh cruinniú ag Oifigigh na Roinne le Coiste Stiúrtha an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar an 12 Feabhra 2024. Thug an Coiste léargas don Roinn ar na dúshláin a bhí le sárú ag an Ionad.
Míníodh dóibh na tacaíochtaí atá ar fáil ón Roinn agus go gcuireann an Roinn agus Údarás na Gaeltachta maoiniú ar fáil don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil as Gaeilge, sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí, tuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta. I measc na seirbhísí eile a chuireann an eagraíocht sin ar fáil, tá:
- Seirbhís Luathbhlianta ón aois 6 mhí ar aghaidh lena n-áirítear cúram Naíolainne, Naíonra, Réamhscoile agus iarscoile.
- Seirbhís tacaíochta do thuismitheoirí/chaomhnóirí, coistí agus fostaithe na seirbhísí.
- Cúrsaí éigeantacha don réimse m.sh., Cosaint Leanaí, Garchabhair, Sábháilteacht Dóiteáin.
- Fostaíocht sna seirbhísí Gaeltachta.
- An Scéim 'Nasc Leis an mBunscoil'.
- An Scéim Pleanála Teanga 'Borradh'.
- Tacaíochtaí Teanga do sheirbhísí.
No comments