Written answers

Tuesday, 29 July 2025

Department of Public Expenditure and Reform

Ionaid Oidhreachta

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

805. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform céard iad na socruithe atá déanta chun a chinntiú go bhfuil seirbhís lónadóireachta ardchaighdeáin ar fáil in ionad oidhreachta (sonraí curtha ar fáil) le linn a uaireanta oscailte; an bhfuil an tseirbhís sin curtha amach ar conradh ag conraitheoir seachtrach agus, más amhlaidh, cén fhad é an conradh, céard iad coinníollacha an chonartha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42080/25]

Photo of Kevin MoranKevin Moran (Longford-Westmeath, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cistin caifé agus áit chun suí do chustaiméirí an chaifé i measc na háiseanna san Ionad Cuairteoirí ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i gConamara,

Ba chúis aiféala gur dúnadh an caifé ar an 1ú Iúil. Cinneadh a bhí anseo a thóg an labháltóir.

Tá comórtas ar siúl faoi láthair chun lamháltóir nua a aimsiú. Lorgaíodh Léiriúcháin Suime tríd na meáin shoisialta agus na nuachtáin. Fógraíodh an Labháltas sa Connaught Tribune ar an Déardaoin, 17ú Iúil, maraon le bolscaireacht ar na hardáin meáin soisialta agus ar Raidió na Gaeltachta.

Tá an labháltas fógraithe don gcuid atá fágtha do 2025, le deis dhá shíneadh ama breise. Is é an 31ú Iúil ag mean laé an spriocdháta le h-aghaidh iarraitaisí agus tá roinnt iarraitais ar eolas maidir leis an tairsceana déanta go dtí seo.

Beidh ar an duine nó eagraíocht go neiríonn leo sa phróiseas tairisceana bia úr, cothaitheach ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus beidh sé riachtanach an caifé a bheith oscailte seacht lá na seachtaine. Beidh orthu freisin táille lamháltais a íoc. Ós rud é go bhfuil an tIonad lonnaithe i limistéar Gaeltachta, beidh ar an bhfoireann a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.