Written answers

Thursday, 17 July 2025

Department of Education and Skills

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

135. To ask the Minister for Education and Skills an aontaíonn sí go bhfuil líon na ndaltaí atá ag fáil díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag leibhéal na meánscolaíochta as alt go hiomlán agus ag déanamh scigmhagadh den riachtanas gur gá do chuile dhalta an Ghaeilge a bheith mar ábhar acu mar chuid dá meánscolaíocht, agus cén céimeanna atá glactha aici chun an líon sin a ísliú. [38424/25]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhian liom cur in iúl don Teachta gurb é seo a leanas líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a ceadaíodh ag leibhéal na hiar-bhunscoile le blianta beaga anuas:

- Díolúintí ceadaithe ag an iar-bhunleibhéal Rollacháin ag an iar-bhunleibhéal Díolúintí ceadaithe mar % den rollachán iomlán ag an iar-bhunleibhéal
2018/19 10,538 362,899 2.9%
2019/20 12,057 371,450 3.25%
2020/21 11,097 379,184 2.93%
2021/22 13,710 391,698 3.5%
2022/23 19,882 406,392 4.9%
2023/24 19,827 416,575 4.76%

Ní mór féachaint ar na staitisticí i gcomhthéacs níos leithne:

  • Tá rollúchán scoile ag an iar-bhunleibhéal tar éis méadú ó 357,408 in 2017/2018 go 416,575 in 2023/24, méadú 16.5% ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
  • Chláraigh níos mó ná 18,000 scoláire ón Úcráin amháin le 3 bhliain anuas, 11,267 acu sin ag an mbunleibhéal agus 6,846 ag an iar-bhunleibhéal.
  • Ag an mbunleibhéal, tháinig níos mó ná 86,153 dalta isteach sa chóras oideachais ó thíortha eile le 5 bliana anuas.
  • Tá líon na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais níos casta acu ag dul i méid agus is léir seo ó na beagnach 1,700 rang speisialta nua atá curtha ar fáil i scoileanna príomhshrutha le cúig bliana anuas agus tá líon na leanaí atá ag clárú i scoileanna speisialta ag méadú faoi 300 gach bliain.
  • Tá beagnach 28,000 dalta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu cláraithe i ranganna speisialta agus scoileanna speisialta sa scoilbhliain 2024/25. Beidh sé seo cothrom le beagnach 3% dár ndaonra foriomlán de dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile.
  • Tugadh isteach ciorcláin nua in 2022/23 agus mar sin beidh cohórt daltaí ag gach leibhéal nach mbeadh tar éis na critéir a shásamh roimhe seo le haghaidh díolúine ó staidéar na Gaeilge faoin gciorclán roimhe seo.
Leanann an Roinn de bheith ag déanamh monatóireachta ar leibhéal na ndíolúintí atá á mbronnadh agus tá sí ag tacú le scoileanna trí Líne Chabhrach, Treoirlínte, Ceisteanna Coitianta agus eolas leanúnach a chur ar fáil do bhainistíocht scoileanna.

Tá raon leathan gníomhaíochtaí á chur i bhfeidhm ag an Roinn chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a threisiú lena n-áirítear:
  • trí dheiseanna foghlama gairmiúla,
  • an Polasaí don Oideachas Gaeltachta,
  • polasaí a fhorbairt don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht,
  • aonad nua a bhunú laistigh den Roinn chun plean gníomhaíochta a fhorbairt chun tacú le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla,
  • infheistíocht mhéadaithe do COGG, gníomhaireacht tiomnaithe, chun tacú le múineadh agus foghlaim na Gaeilge,
  • tríd athchóiriú curaclaim ar gach leibhéal,
  • trí mhéadú leanúnach ar rannpháirtíocht scoileanna meán-Bhéarla sa tionscadal um Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT), agus
  • trí fhorbairt leanúnach acmhainní "Corpoideachas trí Ghaeilge" do scoileanna meán-Bhéarla.
Léiríonn an obair atá ag dul ar aghaidh mar a leagtar amach thuas, go bhfuil tiomantas láidir agam féin agus ag an Rialtas don Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.