Written answers
Thursday, 17 July 2025
Department of Education and Skills
An Teanga Gaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
135. To ask the Minister for Education and Skills an aontaíonn sí go bhfuil líon na ndaltaí atá ag fáil díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag leibhéal na meánscolaíochta as alt go hiomlán agus ag déanamh scigmhagadh den riachtanas gur gá do chuile dhalta an Ghaeilge a bheith mar ábhar acu mar chuid dá meánscolaíocht, agus cén céimeanna atá glactha aici chun an líon sin a ísliú. [38424/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ba mhian liom cur in iúl don Teachta gurb é seo a leanas líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge a ceadaíodh ag leibhéal na hiar-bhunscoile le blianta beaga anuas:
- | Díolúintí ceadaithe ag an iar-bhunleibhéal | Rollacháin ag an iar-bhunleibhéal | Díolúintí ceadaithe mar % den rollachán iomlán ag an iar-bhunleibhéal |
---|---|---|---|
2018/19 | 10,538 | 362,899 | 2.9% |
2019/20 | 12,057 | 371,450 | 3.25% |
2020/21 | 11,097 | 379,184 | 2.93% |
2021/22 | 13,710 | 391,698 | 3.5% |
2022/23 | 19,882 | 406,392 | 4.9% |
2023/24 | 19,827 | 416,575 | 4.76% |
Ní mór féachaint ar na staitisticí i gcomhthéacs níos leithne:
- Tá rollúchán scoile ag an iar-bhunleibhéal tar éis méadú ó 357,408 in 2017/2018 go 416,575 in 2023/24, méadú 16.5% ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
- Chláraigh níos mó ná 18,000 scoláire ón Úcráin amháin le 3 bhliain anuas, 11,267 acu sin ag an mbunleibhéal agus 6,846 ag an iar-bhunleibhéal.
- Ag an mbunleibhéal, tháinig níos mó ná 86,153 dalta isteach sa chóras oideachais ó thíortha eile le 5 bliana anuas.
- Tá líon na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais níos casta acu ag dul i méid agus is léir seo ó na beagnach 1,700 rang speisialta nua atá curtha ar fáil i scoileanna príomhshrutha le cúig bliana anuas agus tá líon na leanaí atá ag clárú i scoileanna speisialta ag méadú faoi 300 gach bliain.
- Tá beagnach 28,000 dalta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu cláraithe i ranganna speisialta agus scoileanna speisialta sa scoilbhliain 2024/25. Beidh sé seo cothrom le beagnach 3% dár ndaonra foriomlán de dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile.
- Tugadh isteach ciorcláin nua in 2022/23 agus mar sin beidh cohórt daltaí ag gach leibhéal nach mbeadh tar éis na critéir a shásamh roimhe seo le haghaidh díolúine ó staidéar na Gaeilge faoin gciorclán roimhe seo.
Tá raon leathan gníomhaíochtaí á chur i bhfeidhm ag an Roinn chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a threisiú lena n-áirítear:
- trí dheiseanna foghlama gairmiúla,
- an Polasaí don Oideachas Gaeltachta,
- polasaí a fhorbairt don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht,
- aonad nua a bhunú laistigh den Roinn chun plean gníomhaíochta a fhorbairt chun tacú le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla,
- infheistíocht mhéadaithe do COGG, gníomhaireacht tiomnaithe, chun tacú le múineadh agus foghlaim na Gaeilge,
- tríd athchóiriú curaclaim ar gach leibhéal,
- trí mhéadú leanúnach ar rannpháirtíocht scoileanna meán-Bhéarla sa tionscadal um Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT), agus
- trí fhorbairt leanúnach acmhainní "Corpoideachas trí Ghaeilge" do scoileanna meán-Bhéarla.
No comments