Written answers

Thursday, 12 June 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

592. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht faoín deis atá ann i mbliaina árdú ar na rátaí pá a thuilleann mná tí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30122/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá roinnt beartas ceadaithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le trí bhliana anuas chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge agus do theaghlaigh nua atá ag teacht isteach sa chóras ina n-áirítear:

  1. ardú ar fóirdheontas oíche ó €10 go €13;
  2. ardú ar fóirdheontas le lucht brúnna agus coláistí cónaithe ó €5 go €9.50;
  3. ardú ar fóirdheontas le lucht lóistín ERASMUS Gaeltachta ó €17 go €22; agus
  4. ardú ar fóirdheontas le lucht lóistín Scéim Oileánda (Árainn) Gaeltachta ó €27 go €34.
Chun breis cúnaimh a thabhairt don earnáil, ardaíodh an t-uaslíon scoláirí gur féidir le teaghlaigh atá aitheanta faoin scéim a thógáil ó 12 go 16 - rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag teaghlaigh ioncam breise a shaothrú dá bharr.

Anuas ar na ardaithe ar an bhfóirdheontas, ardaíodh an deontas tosaithe aonuaire ó €2,000 go dtí €6,000 do theaghlaigh nua a chláraíonn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus do theaghlach atá ag iarraidh teacht ar ais sa chóras tar éis dóibh a bheith imithe as an scéim le cúig bliana nó níos mó. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin, mar aon le costais a bhaineann le hábhair ar leith bainteach le lóistín a chur ar fáil.

Níl aon chinneadh déanta go fóill an mbeidh ardú ar fóirdheontas na scéime i mbliana ach ar ndóigh bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach ar bhealaí chun cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.