Written answers

Thursday, 12 June 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

590. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a bhfuil súil aige le hiarratas críochnúil a fháil ó Chomhairle Contae na Gaillimhe, le meastachán cruinn den chostas bunaithe ar thairiscintí, maidir le Céibh Inis Oirr, cén próséas a bheidh I gceist le seo a mheas agus an t-airgead don Chéibh a cheadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29563/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, is í Comhairle Chontae na Gaillimhe atá freagrach as cothabháil agus forbairt na gcéanna ar na hOileáin Árann, Inis Oírr san áireamh.

Maidir le forbairt ché Inis Oírr, is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an ghníomhaireacht urraíochta agus údarás conarthach agus dá bhrí sin tá sí freagrach as an gcás gnó agus as gach gné den phróiseas soláthair.

Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe an Cás Gnó Deiridh do Ché Inis Oírr faoi bhráid mo Roinne ag deireadh mhí an Mhárta, ag lorg cead chun dul ar aghaidh leis an tionscadal. Is ionann sin agus cinneadh Céim 3 mar atá leagtha amach i dTreoirlínte Bonneagair an Rialtais.

Tuigfidh an Teachta gur togra suntasach é seo, ní hamháin d'Inis Oírr ach do mo Roinn freisin mar Údarás Ceadaithe. Dá bhrí sin, ní mór dúinn a bheith sásta go gcomhlíonann an Cás Gnó Deiridh an caighdeán riachtanach agus go léiríonn an tionscadal atá beartaithe luach ar airgead agus go gcomhlíonann sé ár gcuspóirí.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag mo Roinn ar an gCás Gnó Deiridh. Tá sé á sheiceáil i dtéarmaí na n-eilimintí riachtanacha - ní hamháin costas foriomlán agus inacmhainneacht an togra, ach na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis. Ar an ábhar sin, tá mo Roinn ag tabhairt faoi mheasúnú iomlán dícheall cuí den tionscadal.

Tuigim gur bhuail oifigigh mo Roinne le Comhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo caite chun soiléiriú a lorg ar chuid de na sonraí laistigh den chás gnó, go háirithe maidir leis na costais a cuireadh ar fáil agus chun a chinntiú go bhfuil na heilimintí riachtanacha go léir faoi réir acu.

Meastar go dtógfaidh an chéim tógála don tionscadal seo thart ar dhá bhliain le críochnú, a chuimsíonn dhá shamhradh ar an oileán. Ar ndóigh, tá sé sin faoi réir ceadú an cháis ghnó agus conarthaí a chur i gcrích go rathúil leis an tairgeoir is fearr.

Tá mo Roinn ag obair chun an t-athbhreithniú ar an gcás gnó a chríochnú le gach cúram agus aire chuí agus cuirfidh m'oifigigh moladh faoi mo bhráid chomh luath agus is féidir.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

591. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe leis an deontas atá curtha ar fáil ag a roinn le staidéar a dhéanamh ar na riachtannais calaíochta in Inis Meáin, cé chomh minic a chuirtear tuairisc ar fáil ón gComhairle Contae don Roinn maidir leis an dul chun cinn ar an staidéar; an bhfuil sé sásta go bhfuil gach is féidir a dhéanamh á dhéanamh le dlús a chur le seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29564/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as cothabháil agus forbairt na gcéanna ar na hOileáin Árann, Inis Meáin san áireamh.

Tuigim gur thug mo Roinn cead do Chomhairle Contae na Gaillimhe i mí na Nollag 2024 dul ar aghaidh le ceapachán innealtóirí comhairleacha chun an Réamhchás Gnó, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, a fhorbairt do Roghanna Feabhsúcháin Infreastruchtúir Mhara ar Inis Meáin.

Bhuail oifigigh mo Roinne le hionadaithe ó na hinnealtóirí comhairleacha neamhspleácha agus ó Chomhairle Contae na Gaillimhe le déanaí, tráth ar tugadh uasdátú ar an dul chun cinn go dtí seo.

Thuairiscigh na hinnealtóirí comhairleacha go raibh leibhéal an-ard rannpháirtíochta ó phobal an oileáin ag an ócáid chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh le déanaí ar Inis Meáin. Thug na hinnealtóirí comhairleacha le fios go bhfuil siad ag forbairt múnlaí agus roghanna éagsúla anois chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair éagsúla a ardaíodh leo. Beidh gá le gach ceann de na múnlaí agus na roghanna seo a thástáil agus a mheasúnú chun teacht ar an réiteach is fearr chun an t-infreastruchtúr mara ar Inis Meáin a fheabhsú, lena n-áirítear céanna a úsáideann seirbhísí farantóireachta paisinéirí agus lastais.

Táim sásta leis an dul chun cinn go dtí seo agus tuigtear dom go bhfuil na hinnealtóirí comhairleacha le bheith críochnaithe lena gcuid oibre níos déanaí i mbliana. Buaileann ionadaithe mo Roinne le hionadaithe Comhairle Contae na Gaillimhe gach mí le uasdátú a fháil ar dhul chun cinn an staidéar agus lena chinntiú go leanfaidh an tionscadal seo ar aghaidh chomh gasta agus is féidir.

I ndiaidh don phróiseas seo a bheith críochnaithe, cuirfear tuarascáil ar fáil don Roinn le breithniú agus le go bhféadfaí moladh a dhéanamh maidir leis an fhorbairt is tairbhí don oileán ina iomláine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.