Written answers

Thursday, 22 May 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

246. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht plé a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá déanta aige maidir le comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus le páirtithe leasmhara eile chun feabhas a chur ar sheirbhísí tithíochta agus pobail i bpobail Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26191/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cé gur ról tánaisteach atá ag Údarás na Gaeltachta maidir le ceist sholáthar tithíochta sa Ghaeltachta, tá Bord Údarás na Gaeltachta ag féachaint ar bhealaí inar féidir leis an Údarás tacú le soláthar tithíochta inacmhainne i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Go deimhin, tá curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil ceist na tithíochta ina mír bhuan ar chlár oibre bhord Údarás na Gaeltachta.

Tuigtear dom go bhfuil suíomhanna faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta faoi láthair atá aitheanta ag an eagraíocht mar láithreacha forbartha féideartha do thithíocht. Tuigtear dom go bhfuil na suíomhanna seo suite gar d'fhorbairtí tithíochta eile nó do sheirbhísí pobail. Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist anois teagmháil a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara eile féachaint an mbeadh spéis ag na páirtithe sin na suíomhanna seo a fhorbairt. Anuas air sin, tá i gceist ag an Údarás dul i mbun oibre le comhpháirtithe ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éagsúla maidir le soláthar ginearálta agus infhaighteacht tithíochta i gceantair Ghaeltachta.

Tuigtear dom go raibh cruinniú ag an Aire Calleary le Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta le déanaí maidir le pleananna oibre na heagraíochta, lena n-áirítear conas gur féidir fostaíocht a mhéadú agus forbairt eacnamaíoch a chumasú trí sholáthar feabhsaithe tithíocha a bheith ar fáil i gceantair Ghaeltachta.

Tá an rannpháirtíocht leanúnach le comhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chomh maith le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí eile agus le ranna Rialtais, ríthábhachtach mar a bhaineann sé le ceist na tithíochta agus tuigim go mbeidh an tAire Calleary ag bualadh lena chomhghleacaí, an tAire James Browne, le cúrsaí infrastruchtúir, lena n-áirítear tithíocht agus pleanáil sa Ghaeltacht, a phlé sa tréimhse amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.