Written answers
Thursday, 22 May 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Rannacha
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
244. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é an dul chun cinn atá déanta ina Roinn chun scéim na mbóithre áise a atosú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26335/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá geallta sa Chlár Rialtais nua go dtabharfar Scéim na mBóithre Áise ar ais le linn téarma an Rialtais seo. Caithfear an mheicníocht chuige sin a chíoradh fós. Beidh athbhunú na scéime ag brath, dár ndóigh, ar mhaoiniú a bheith curtha ar fáil chuige sin do na blianta amach romhainn trí Phróiseas na Meastachán agus tuigfidh an Teachta nach bhfuil irbheartaíocht maidir le Meastachán 2026 tosaithe go fóill.
Ar ndóigh, tá maoiniú ar fáil faoin Scéim Feabhsaithe Áitiúil (LIS), de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre neamhphoiblí agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu sa ghnáthbhealach. Tuigtear dom go gcaithfidh an bóthar i gceist a bheith ag dul chuig árais chónaithe, talamh feirme nó suímh thaitneamhacha ar nós locha, aibhneacha nó tránna. Tá breis eolas maidir leis an scéim seo le fáil ar shuíomh na Roinne.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
245. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht faoin maoiniú atá sa Roinn do scéim na gcampaí samhraidh i mbliana;; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26334/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cuireann an Roinn maoiniú de €330,000 sa bhliain ar fáil d'Údarás na Gaeltachta atá freagrach as Scéim na gCampaí Samhraidh a riar thar ceann na Roinne sa Ghaeltacht.
Tugann an maoiniú seo deis d'os cionn 6,000 páiste Gaeltachta freastal ar bhreis agus 200 campa faofa sa Ghaeltacht gach bliain.
Tá €140,000 curtha ar fáil ag mo Roinn chomh maith d'Fhoras na Gaeilge dá Scéim Campaí Samhraidh do 2025.
No comments