Written answers
Thursday, 22 May 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
238. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh seilbh ag an Aire ar an uirlis nua intleachta saorga atá á maoiniú ag a Roinn, trí Údarás na Gaeltachta, nuair a bheidh an uirlis críochnaithe; an mbeidh seilbh ag an Aire ar chearta na sonraí a chuirfear isteach agus a eascróidh ón uirlis nuair a bheidh sí críochnaithe; an bhfuil aon chinnteacht ann go gcuirfear an uirlis ar fáil in aisce don phobal nuair a bheidh sí críochnaithe; cé mhéad a chosnóidh sé an uirlis seo a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26497/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá taighde ar na féidearthachtaí i dtaobh forbairt uirlisí intleachta saorga – a chuirfeadh le soláthar seirbhísí as Gaeilge don phobal – ar siúl faoi láthair faoi scáth Phlean Digiteach na Gaeilge de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus Seirbhísí Poiblí Níos Fearr de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí, Seachadadh PFN agus Athchóirithe – dhá pholasaí trasrialtais. Is é Údarás na Gaeltachta an cheanneagraíocht atá i mbun na hoibre sin.
Nuair a bheidh tuilleadh forbartha déanta ar an taighde sin, déanfar plé agus cíoradh breise idir na páirtithe leasmhara ábhartha ar na ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an ábhar seo – na ceisteanna atá tarraingthe anuas ag an Teachta ina measc. Táim ag súil go ndéanfar dul chun cinn suntasach ar an obair thábhachtach seo as seo go deireadh na bliana.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
239. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé ar an eolas faoi líomhaintí, pléite ar Tuairisc.ie, gur bhain Údarás na Gaeltachta úsáid as intleacht shaorga chun íomhánna a fhorbairt d’fheachtais fógraíochta; an aontaíonn sé mar Aire atá freagrach as Ealaíona na hÉireann gur chóir d’eagrais stáit faoi chúram a Roinne saothar grianghrafadóirí nó ealaíontóirí na hÉireann a úsáid i bhfeachtais fógraíochta seachas intleacht shaorga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26498/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é Údarás na Gaeltachta agus mar sin ní bheadh ??ról ag an Aire mar a bhaineann sé le hoibríochtaí an Údaráis ó lá go lá, lena n-áirítear oibríochtaí na heagraíochta mar a bhaineann sé le feachtais mhargaíochta.
É sin ráite, tá cóip de Threoirlínte an Rialtais maidir le hÚsáid na hIntleachta Shaorga sa Seirbhís Phoiblí a foilsíodh le fíordhéanaí seolta ag mo Roinn chuig an Údarás le cur i bhfeidhm san eagraíocht.
No comments