Written answers

Tuesday, 13 May 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Limistéir Pleanála Teanga

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

628. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé sonraí ar an líon Oifigeach Pleanála Teanga atá ag feidhmiú faoi láthair i ngach Limistéar Pleanála Teanga, agus ar na bearnaí atá fágtha fós. [23385/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá pleananna teanga ceadaithe agus á bhfeidhmiú i 26 Limistéar Pleanála Teanga(LPT) agus dhá Bhaile Seirbhísí Gaeltachta(BSG) sa Ghaeltacht. Tá céimeanna á dtógáil ag grúpa pobail le tús a chuir le hullmhú plean teanga do Bhéal an Mhuirthead, an tríú BSG atá sainaitheanta sa Ghaeltacht.

Tá 29 eagrais pobail ag feidhmiú mar cheanneagraíochtaí pleanála teanga leis na pleananna teanga atá ceadaithe a fheidhmiú agus tá maoiniú agus cead in áit le 35 Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú sna 26 LPT agus dhá BSG sin.

Tá dhá fholúntas ann d’Oifigigh Pleanála Teanga faoi láthair. Tá na folúntais sin i LPT Árainn Mhór agus LPT Toraigh. Tá próiseas earcaíochta idir lámha ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga sna ceantair sin le tamall anuas.

Tá briseadh síos de réir Limistéar Pleanála Teanga agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar líon na bpost d’Oifigigh Pleanála Teanga agus na folúntais reatha sa dtábla thíos.



Limistéar Pleanála Teanga
Líon Oifigeach Pleanála Teanga Nótaí
Tuaisceart Dhún na nGall 1
Cloich Chionn Fhaola 1
Toraigh 0 1 Folúntas
Gaoth Dobhair, Rann na Feirsde, Anagaire & Loch an Iúir 2
Na Rosa 1
Árainn Mhór 0 1 Folúntas
An Ghaeltacht Láir 1
Dún na nGall Theas 1
Maigh Eo Thuaidh 2
Maigh Eo Thiar 1
Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh 1
Conamara Láir 2
An Cheathrú Rua 1
Ceantar na nOileán 1
Oileáin Árann (Inis Mór) 1
Oileáin Árann (Inis Meáin) 1
Oileáin Árann (Inis Oírr) 1
Cois Fharraige 2
Maigh Cuilinn 1
Bearna & Cnoc na Cathrach 1
Oirthear Chathair na Gaillimhe 1
An tEachréidh 1
Ciarraí Thiar 2
Ciarraí Theas 1
Múscraí 1
Cléire 1
Na Déise 1
Ráth Chairn & Baile Ghib 1
Bailte Seirbhíse Gaeltachta
BSG: 27 - Daingean Uí Chúis 1
BSG: 28 - An Clochán Liath 1
BSG: Béal an Mhuirthead 0 Níl Plean Teanga ullmhaithe fós
Iomlán 33



Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.