Written answers
Tuesday, 13 May 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Limistéir Pleanála Teanga
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
628. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé sonraí ar an líon Oifigeach Pleanála Teanga atá ag feidhmiú faoi láthair i ngach Limistéar Pleanála Teanga, agus ar na bearnaí atá fágtha fós. [23385/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá pleananna teanga ceadaithe agus á bhfeidhmiú i 26 Limistéar Pleanála Teanga(LPT) agus dhá Bhaile Seirbhísí Gaeltachta(BSG) sa Ghaeltacht. Tá céimeanna á dtógáil ag grúpa pobail le tús a chuir le hullmhú plean teanga do Bhéal an Mhuirthead, an tríú BSG atá sainaitheanta sa Ghaeltacht.
Tá 29 eagrais pobail ag feidhmiú mar cheanneagraíochtaí pleanála teanga leis na pleananna teanga atá ceadaithe a fheidhmiú agus tá maoiniú agus cead in áit le 35 Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú sna 26 LPT agus dhá BSG sin.
Tá dhá fholúntas ann d’Oifigigh Pleanála Teanga faoi láthair. Tá na folúntais sin i LPT Árainn Mhór agus LPT Toraigh. Tá próiseas earcaíochta idir lámha ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga sna ceantair sin le tamall anuas.
Tá briseadh síos de réir Limistéar Pleanála Teanga agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar líon na bpost d’Oifigigh Pleanála Teanga agus na folúntais reatha sa dtábla thíos.
Limistéar Pleanála Teanga | Líon Oifigeach Pleanála Teanga | Nótaí |
---|---|---|
Tuaisceart Dhún na nGall | 1 | |
Cloich Chionn Fhaola | 1 | |
Toraigh | 0 | 1 Folúntas |
Gaoth Dobhair, Rann na Feirsde, Anagaire & Loch an Iúir | 2 | |
Na Rosa | 1 | |
Árainn Mhór | 0 | 1 Folúntas |
An Ghaeltacht Láir | 1 | |
Dún na nGall Theas | 1 | |
Maigh Eo Thuaidh | 2 | |
Maigh Eo Thiar | 1 | |
Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh | 1 | |
Conamara Láir | 2 | |
An Cheathrú Rua | 1 | |
Ceantar na nOileán | 1 | |
Oileáin Árann (Inis Mór) | 1 | |
Oileáin Árann (Inis Meáin) | 1 | |
Oileáin Árann (Inis Oírr) | 1 | |
Cois Fharraige | 2 | |
Maigh Cuilinn | 1 | |
Bearna & Cnoc na Cathrach | 1 | |
Oirthear Chathair na Gaillimhe | 1 | |
An tEachréidh | 1 | |
Ciarraí Thiar | 2 | |
Ciarraí Theas | 1 | |
Múscraí | 1 | |
Cléire | 1 | |
Na Déise | 1 | |
Ráth Chairn & Baile Ghib | 1 | |
Bailte Seirbhíse Gaeltachta | ||
BSG: 27 - Daingean Uí Chúis | 1 | |
BSG: 28 - An Clochán Liath | 1 | |
BSG: Béal an Mhuirthead | 0 | Níl Plean Teanga ullmhaithe fós |
Iomlán | 33 |
No comments