Written answers

Thursday, 1 May 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúrsaí Tithíochta

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

246. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht sonraí iomlána a thabhairt ar aon chruinnithe, comhfhreagras nó idirghníomhaíochtaí idir Rannóg na Gaeltachta dá Roinn féin agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta, agus an dtabharfaidh sé míniú ar an bhfáth nach bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ar an gceist ríthábhachtach seo. [21905/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Chun a chur le héifeacht na reachtaíochta pleanála, cuireadh tús tamall ó shin le próiseas i dtreo treoirlínte nua a fhorbairt maidir le pleanáil sa Ghaeltacht. Tá mo Roinn ag glacadh páirt i ngrúpa oibre leis an Roinn Tithíochta, Údaráis Áitiúla Ábhartha agus le hÚdarás na Gaeltachta i láthair na huaire. Tá an grúpa oibre seo ag cíoradh an phróisis phleanála sa Ghaeltacht chun struchtúr agus cleachtais a aontú chun an próiseas reatha a fheabhsú. Tá cainteanna leanúnacha ar bun idir an Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ó 2022 ina leith seo. Tionóladh an cruinniú is déanaí ar an ábhar seo ar i mí Márta 2025.

Le roinnt blianta anuas tá an-chuid teagmháil leanúnach idir mo Roinn féin agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le pleanáil sa Ghaeltacht, nithe a bhaineann le soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta ina measc.

Ceann de phríomhaidhmeanna na gcomhráití seo a chinntiú go ndéanfar nósanna imeachta agus córais a shaincheapadh, de réir mar is cuí, chun cur chuige éifeachtach agus caighdeánach a éascú do na húdaráis áitiúla ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le pleanáil i gceantair Ghaeltachta a bhainistiú.

Tá dréacht treoirlínte á n-ullmhú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar leis an Roinn a chuirfear sa bhfearann phoiblí chomh luath agus is féidir. Táthar ag súil go gcabhróidh sé seo le cur chuige caighdeánach a chur i bhfeidhm a bheidh ar leas an chórais trí chéile.

Cé nach bhfuil na treoirlínte foilsithe go fóill is léir go bhfuil dul chun cinn déanta ar an gceist seo agus beidh tairbhe na hoibre sin le feiceáil nuair a fhoilsítear na treoirlínte.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

247. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht sonraí a thabhairt ar gach teagmháil idir Rannóg na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla maidir le ceist na tithíochta sa Ghaeltacht, agus an n-aithníonn sé go bhfuil mainneachtain ó thaobh comhordú agus gníomh idir an Roinn agus na húdaráis áitiúla ag cur bac ar fhorbairt pobail Ghaeltachta. [21906/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn Tithíochta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta agus tá grúpa oibre comhdhéanta den dá Roinn, Údarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla ábhartha bunaithe chun an cheist seo a scrúdú. Is é príomhsprioc an ghrúpa oibre seo ná a chinntiú go ndéantar pleanáil sna ceantair Ghaeltachta i gcomhthéacs sainriachtanais teanga na bpobal Gaeltachta.

Maidir le comhordú agus gníomh idir an Roinn agus na húdaráis áitiúla, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi láthair agus tionólfar cruinnithe den ghrúpa oibre de réir mar is cuí nuair atá bailchríoch curtha ar na treoirlínte sin.

Chomh maith leis sin, cuireann údaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltacht faoina gcúram, iarratais phleanála chuig mo Roinn-se i gcásanna go bhféadadh siad tionchar a imirt ar nósmhaireacht teanga na Gaeltachta dá gceadófaí iad. Déantar seo faoi alt 28(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001. Déanann mo Roinn aighneachtaí maidir leis na hiarratais seo de réir mar is gá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.