Written answers
Thursday, 1 May 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Pleanáil Teanga
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
241. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá á réiteach ag Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta, i bhfianaise mhainneachtain leanúnach an Rialtais dul i ngleic le meath leanúnach úsáid na Gaeilge sna pobail sin. [21900/25]
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
242. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé sonraí iomlána ar an maoiniú a cuireadh ar fáil don phleanáil teanga le deich mbliana anuas, briste síos de réir na limistéar pleanála teanga éagsúla, agus a mhíniú cén fáth a bhfuil easpa comhsheasmhachta agus méaduithe inbhuanaithe ar an gcistiú le feiceáil. [21901/25]
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
243. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le pleananna teanga atá i bhfeidhm faoi láthair a athbhreithniú, agus an aontaíonn sé nach bhfuil an Rialtas tar éis luas a chur leis an bpróiseas sin ná tiomantas soiléir a thaispeáint i ndáil leis, rud atá ag déanamh dochar d’fheidhmíocht na bpleananna sin. [21902/25]
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
244. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé a shoiléiriú cén fáth nach bhfuil méadú suntasach déanta ar an gcistiú don phleanáil teanga i bhfianaise na n-éileamh méadaithe agus an lagmhisnigh atá á léiriú ag pobail Ghaeltachta faoin tacaíocht atá ar fáil. [21903/25]
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
245. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach raibh ábhar ríthábhachtach cosúil le soláthar tithíochta lárnach i bpleananna teanga go dtí seo, agus an dtabharfaidh sé gealltanas soiléir go gceartófar é sin i ngach plean amach anseo. [21904/25]
Charlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 241 go dtí 245, go huile, le chéile.
Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta an bunchuspóir atá le polasaithe agus gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta. Tá ról ar leith leagtha síos don Údarás in Acht na Gaeltachta 2012 maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus chuige sin tá sé freagrach as an bpróiseas pleanála teanga a stiúradh, a chomhordú agus a riaradh sa Ghaeltacht.
Tá an próiseas pleanála teanga fréamhaithe sa chleachtas go bhfuil ról lárnach ag na pobail Ghaeltachta i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha pobail ina gceantair féin. Faoin chur chuige atá in áit tacaíonn Údarás na Gaeltachta le ceanneagraíochtaí atá aitheanta agus ionadaíoch don phobal le plean teanga seacht mbliana a ullmhú, i ndiaidh dul i gcomhairle leis an phobal. Cuireadh tús le feidhmiú na chéad pleananna teanga in 2018 agus táthar ag staid anois go bhfuil pleananna teanga á bhfeidhmiú i 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus i bpéire as trí cinn de Bhailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) atá sainaitheanta sa Ghaeltacht. Tá 35 post mar Oifigeach Pleanála Teanga ceangailte leis na pleananna teanga sin agus tá buiséad bhliantúil de €3.9m á íoc le tacú leis na ceanneagraíochtaí na pleananna teanga atá ceadaithe dá gceantair a fheidhmiú.
Ach oiread le mórán teangacha mionlaigh eile bhí agus tá an Ghaeilge faoi bhrú leanúnach. Léiríonn torthaí Daonáireamh 2022 agus 2016 staid leochailleach na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé soiléir go bhfuil úsáid laethúil agus rialta na Gaeilge i gnáth shaol an phobal ag pointe chriticiúil.
Ag leibhéal an Údaráis féin tá a gcuid straitéisí sna réimsí pobail, fiontraíochta agus fostaíochta athlínithe le cuspóirí teanga na heagraíochta. Díríonn straitéis agus cláir gníomhaíochta na heagraíochta ar philéir agus struchtúir tacaíochta na réimsí atá aitheanta sna pleananna teanga a fhorbairt agus a láidriú. Le tamall anuas tá scéimeanna agus dreasachtaí nua forbartha agus á fhorbairt ag an eagraíocht le tacú tuilleadh leis an phróiseas pleanála teanga. Tá said seo bunaithe ar na héilimh agus na riachtanais atá ag teacht óna pobail féin nó atá aitheanta ag an eagraíocht.
Déanann Ráiteas Deireadh Bliana cur síos ar an dul chun cinn a rinneadh chun chun forbairt na Gaeltachta, pobal na Gaeilge agus cothú na teanga a chur chun cinn le linn 2024.
Príomhfhigiúirí 2024:
- 869 post nua cruthaithe sa Ghaeltacht in 2024.
- Glanmhéadú de 217 post.
- 9,743 post i gcliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana.
- Ardú ar an leibhéal fostaíochta i gcúig chontae Gaeltachta.
- 211 post nua ceadaithe ag bord Údarás na Gaeltachta.
- 28 Plean Teanga le 35 post á gcur i bhfeidhm le buiséad €3.9m.
- gteic – 465 duine ag obair sna 29 mol digiteach sa ghréasáin digiteach.
- GAIRM – Clár nua iarchéime ceannródaíoch tosaithe le deichniúr céimithe.
- CUMASÚ – Clár nua do 150 banfhiontraí Gaeltachta le 41 rannpháirtí i 2024.
- Scéim na bPrintíseach – 34 printíseach cláraithe i 2024.
- AI na Gaeilge – tús curtha le tairiscint Eorpach chun AI na Gaeilge a fhorbairt ag leibhéal.
- náisiúnta faoi dheireadh 2026.
- Cúig suíomh do thithíocht inachmhainne aitheanta go dtí seo mar cuid de bheartas tithíochta an Údaráis – le tacaíocht agus cead pleanála in áit do ceithre theach i gCorca Dhuibhne.
- Tá spriocanna a bhaineann le cúrsaí teanga i gcroílár na h-oibre sin agus tá céimeanna suntasacha ar bun chun treisiú ar aschur na n-iarrachtaí sin. Tá éabhlóid tagtha ar ról Údarás na Gaeltachta, a bhí dírithe, tráth don tsaoil ar an bhfostaíocht. Anois mar shampla, déantar measúnú tionchar teanga mar chuid do phróiseas meastacháin Údarás na Gaeltachta. Tá dhá ról ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta, mar Eacnamaí agus mar Anailísí Polasaí Teanga a bheidh á fhógairt go luath chun tátal leanúnach a dhéanamh ar fhoinsí éagsúla stáit agus eile chun tionchar obair an Údaráis a mheas bunaithe ar tháscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beidh an obair sin mar bhunchloch do dhearadh straitéis nua Údarás na Gaeltachta a bheidh in áit ó 2025 go dtí 2030.
- Cuireann an tÚdarás réimse tacaíochtaí ar fáil d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar bhuanú, ar chur chun cinn agus ar fhorbairt na Gaeilge ar fud na Gaeltachta. Díríonn na dreasachtaí sin ar an bhunstruchtúr tacaíochta teanga a láidriú agus cur chuige níos straitéise a fiosrú, a phleanáil agus a fhorbairt le cuidiú le pobal na Gaeltachta agus sprioc ghrúpaí ar leith sa phobal sin:
- - tríd infheistíochta ina fhochuideachtaí agus i gcomhlachtaí eile, ar nós Muintearas, Ealaín na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta tacaítear le seirbhísí luathbhlianta agus réimse an óige a fhorbairt agus choinneáil slán sa Ghaeltacht.
- - Tríd tacú le pobal na Gaeltachta a chumas Gaeilge a fheabhsú trí thacaíocht a chur ar fáil do ranganna Gaeilge, agus an pobal a spreagadh le tabhairt faoi cháilíocht Teastas Eorpach na Gaeilge agus deimhnithe cáilíochtúla eile.
- - tríd tacú le gnólachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn. Beidh dhá chlár nua tacaíochta trí bliana a fhorbairt agus a sholáthar ag an Údarás in 2025. Díreoidh clár amháin, An Clár Tacaíochta Gaeilge do Ghnólachtaí, ar an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus turasóireachta. Tá sé mar sprioc ag an Chlár Tacaíochta gnólachtaí sna hearnálacha sin a mhealladh agus a chumasú le bheith réamhghníomhach i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge sa ghnó agus san idirghníomhaíocht idir na fostaithe, a gcustaiméirí agus iad féin. Tá béim faoi leith sa chlár seo ar a chinntiú go mbeidh seirbhís ar ardchaighdeán trí Ghaeilge á soláthar ag na gnólachtaí sna hearnálacha sin do phobal na Gaeltachta, do chuairteoirí agus do thurasóirí araon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil faoi láthair a ardú trí fhostaithe a chumasú chuige sin. Tá clár tacaíochta 3 bliana de luach €1.926m ceadaithe ag an Roinn don Údarás le tabhairt faoin obair seo agus tá próiseas earcaíochta ar siúl ag an eagraíocht faoi láthair chun acmhainní foirne a chur ina áit chuige.
- Díríonn an dara clár tacaíochta – Scéim Forbartha Gaeilge na gCliantchomhlachtaí – ar chur chuige nua le tacú le cliaint an Údaráis, ina bhfuil líon ard postanna, chun úsáid na Gaeilge a chothú agus a spreagadh sa ghnó agus i measc na bhfostaithe. Beidh an clár seo dírithe ar chumasú teanga, ar thuiscint ar chultúr agus teanga na Gaeltachta a éascú agus níos mó ceangal a chothú idir na fostaithe atá ag obair sna cliaint agus na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil sna fearainn éagsúla sa phobal. Déanfar é seo trí Plean Forbartha Gaeilge 3 bliana a fhorbairt agus a aontú le cliantchomhlachtaí le 30+ duine fostaithe iontu. Tá clár tacaíochta 3 bliana de luach €1,301m ceadaithe ag an Roinn don Údarás le tabhairt faoin obair seo agus tá próiseas earcaíochta ar siúl ag an eagraíocht faoi láthair chun acmhainní foirne a chur ina áit chuige.
- Tá bunchloch maith curtha faoin phróiseas pleanála teanga le cúpla bliain anuas agus ar an iomlán tá na pleananna a d’aontaigh na pobail á gcur i gcrích. Is gá anois go mbreathnófaí ar shlite le neartú a dhéanamh ar méid atá bainte amach agus cur le tionchar an phróiseas.
I mí Dheireadh Fómhair 2023 cheadaigh mo Roinn ardú de 20% ar an mbuiséad bliantúil a chuirtear ar fáil do gach plean teanga. B’ionann sin agus €20,000 nó níos mó do gach Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus €16,000 nó níos mó do gach Líonra Gaeilge agus Baile Seirbhíse Gaeltachta atá ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga, chun cur le cumas gach coiste pleanála teanga a phlean a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. B’ionann an tacaíocht seo agus infheistíocht bhreise de luach beagnach €900,000 sa chóras pleanála trí chéile.
Anuas ar an ardú maoiniú sin, ceadaíodh tacaíocht bhreise don 4 LPT a raibh Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga ceadaithe dóibh. Aontaíodh go mbeadh cead ag na limistéir sin Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú seachas Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga, de réir mar a oireann. Bhí 4 LPT a chomhlíon critéir áirithe a leagadh síos sa bhliain 2017 - Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; Conamara Láir & Ciarraí Thiar. Mar thoradh ar an gcinneadh, bhí ceadaithe dóibh beirt Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú ina gcuid limistéir pleanála teanga in áit Oifigeach Pleanála Teanga amháin agus Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga amháin.
Ceadaíodh tacaíocht bhreise ar leith do LPT Mhaigh Eo Thuaidh tar éis cás a chur an LPT sin os comhair na Roinne i Márta 2023. Tugadh cead don LPT sin an dara OPT a fhostú sa limistéar fosta. Chun sin a éascú, cuireadh agus cuirfear buiséad arduithe ar fáil a bheidh ar chomhchéim le Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir; Cois Fharraige; Conamara Láir & Ciarraí Thiar do LPT Mhaigh Eo Thuaidh.
B’aitheantas é an t-ardú 20% sin do bhuiséid na bpleananna teanga ar an obair thábhachtach atá ar bun faoin bpróiseas pleanála teanga agus cuirfidh sé le cumas na gcoistí dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar na costais mhaireachtála le cúpla bliain anuas. Ciallaíonn sé seo go mbeidh méadú bliantúil d’ós cionn €1m á infheistiú ag mo Roinn sa phróiseas pleanála teanga nuair a bheidh na pleananna uile á bhfeidhmiú.
Fágann sé sin gur maoiniú bliantúil d’idir €120,000 agus €180,000 in aghaidh na bliana thar tréimhse 7 mbliana atá ar fáil do na Limistéir Pleanála Teanga.
Ní dochar a lua gurbh iad na coistí pleanála teanga atá freagra as scríobh na pleananna teanga féin théis próiseas comhairliúcháin leis pobail na LPT’s, BSG’s agus LG’s sin agus na tosaíochtaí a thagann chun cinn ó na comhairliúcháin sin. Níl aon ról ag mo Roinn i scríobh na bpleananna féin.
É sin ráite, cé go bhfuil tús feidhme fós le cur leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024, is faoin Acht sin a thiocfaidh gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht sna blianta amach romhainn. Go príomha, is ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht nua seo.
Chun cur le héifeacht na reachtaíochta pleanála, cuireadh tús tamall ó shoin le próiseas i dtreo treoirlínte nua a fhorbairt maidir le pleanáil sa Ghaeltacht. Tá cainteanna leanúnacha ar bun idir an Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ó 2022 ina leith seo.
Bíonn teagmháil rialta idir na páirtithe leasmhara ag leibhéal sinsearach agus leanann an obair ar aghaidh chun na treoirlínte seo a thabhairt chun críche. Ach na treoirlínte a bheith aontaithe ag an ngrúpa oibre lorgófar tuairimí ón bpobal trí chomhairliúcháin phoiblí. Is fiú a lua freisin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag obair le páirtithe leasmhara chomh maith chun dul i ngleic le dúshláin éagsúla maidir le soláthar agus infhaighteacht tithíochta i gceantair Ghaeltachta.
No comments