Written answers
Tuesday, 1 April 2025
Department of An Taoiseach
Cruinnithe an Aire
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
98. To ask the Taoiseach cén uair a bhfuil sé i gceist go mbuailfeadh an Coiste Rialtais ar Thuaisceart Éireann le chéile arís. [9979/25]
Micheál Martin (Cork South-Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bunaíodh an Coiste Rialtais ar Thuaisceart Éireann ar an 18 Feabhra 2025 chun maoirseacht ar chur i bhfeidhm na ngealltanas ábhartha faoi Chlár an Rialtais agus forbairtí leanúnacha maidir le Tuaisceart Éireann, caidreamh idir Éire, agus an Bhreatain agus Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.
Is iad comhaltaí an Choiste: an Taoiseach; an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta; an tAire Airgeadais; an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe; agus an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
Tiocfaidh an Coiste le chéile dhá uair sa bhliain. Tá sé i gceist go mbuailfidh an Coiste le chéile i mí Bealtaine/Meitheamh.
No comments