Written answers

Wednesday, 19 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

791. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon fhigiúirí ag Rialtas na hÉireann a léiríonn na buntáistí eacnamaíocha éagsúla a bhaineann le stádas oibre oifigiúil iomlán san Aontas Eorpach don Ghaeilge, anuas ar an 220 aistritheoir, dlítheangeolaí agus ateangaire Gaeilge atá fostaithe. [11774/25]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

792. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na buntáistí indíreacha ar thionscal na Gaeilge i gcoitinne (teicneolaíocht teanga san áireamh) a bhaineann le stádas oibre oifigiúil iomlán san Aontas Eorpach don Ghaeilge. [11775/25]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

793. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon taighde a léiríonn conas a d’fheidhmigh stádas iomlán oibre AE chun líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú, agus chun muinín cainteoirí Gaeilge chun í a úsáid a mhéadú, agus an féidir leis trácht ar an gceist. [11777/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 791 to 793, inclusive, together.

Níl aon taighde díreach déanta ag mo Roinn maidir leis na buntáistí eacnamaíocha éagsúla a bhaineann le stádas oifigiúil san Aontas Eorpach don Ghaeilge ná ar an tionchar atá á imirt ag an stádas sin ar líon na gcainteoirí Gaeilge nó ar a muinín an Ghaeilge a labhairt. É sin ráite, eascraíonn bronnadh an stádais óna bhfuil leagtha amach sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 maidir le stádas oifigiúil na teanga - straitéis atá bunaithe ar mhúnla UNESCO maidir le forbairt mhionteangacha agus an taighde atá taobh thiar den mhúnla sin.

Is mór an méid dul chun cinn atá déanta ó thaobh áiseanna éagsúla teicneolaíochta agus téarmaíochta sa Ghaeilge le fiche bliain anuas, agus bhí stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (ó 2007 i leith) ar cheann de na nithe is mó a spreag an forás teicneolaíochta teanga sin.

Téarmaíocht oifigiúil na Gaeilge

Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag an Rialtas in éineacht leis na haonaid Ghaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga sna hinstitiúidí. Ag deireadh na bliana seo caite, tugadh chun críche tionscadal téarmaíochta LEX – tionscadal atá maoinithe ag Rialtas na hÉireann agus faoina gcuirtear na mílte de théarmaí nua-aoiseacha Gaeilge a bhaineann le gnóthaí an Aontais Eorpaigh ar fáil do bhunachar ollmhór téarmaíochta an AE, is é sin IATE. Is iontach an áis é IATE do dhaoine a bhíonn ag déileáil le téacsanna oifigiúla agus riaracháin a bhaineann le gnóthaí na hEorpa agus is breá an rud é go bhfuil an Ghaeilge ina cheartlár anois.

Líonra Saineolaithe Náisiúnta

Tá maoiniú á chur ar fáil d’Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun forbairt a dhéanamh ar líonra de shaineolaithe téarmaíochta fearainn a labhraíonn Gaeilge. Cabhraíonn an líonra sin leis na hinstitiúidí Eorpacha agus iad ag dul i ngleic le ceisteanna casta téarmaíochta.

eStór

Tá Ionad Taighde ADAPT i mbun thionscadal eStór, atá á mhaoiniú ag mo Roinn. Faoin tionscadal seo bailítear sonraí teanga (comhaid dhátheangacha Béarla-Gaeilge den chuid is mó) ó eagraíochtaí stáit in Éirinn. Tá úsáid á baint as na sonraí teanga sin ar mhaithe le forbairt chóras meaisínaistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, eTranslation.

An Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC)

Cruthaíodh an tionscnamh seo, i bhfoirm Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC), i mí Feabhra 2024. Déanfaidh ALT-EDIC oidhreacht chultúir agus teanga na hEorpa a chosaint agus a fheabhsú laistigh d’éiceachóras intleachta saorga atá nuálach, iomaíoch, eiticiúil agus ceannasach.

Is é príomhchuspóir ALT-EDIC éagsúlacht teanga agus chultúrtha a chaomhnú san Eoraip chomh maith le barr feabhais teicneolaíochta a chur chun cinn. Déanfar é sin go príomha trí fhorbairt a dhéanamh ar bhonneagar comhchoiteann Eorpach, agus fócas ar leith ar Mhórshamhlacha Teanga, agus béim faoi leith á cur ar riachtanais na dteangacha neamhfhorleathana amhail an Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.