Written answers

Wednesday, 19 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

794. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé treoir maidir le haon mhaoiniú breise a chuirfidh sé ar fáil d’Fhoras na Gaeilge go gcaithfear an treoir a úsáid sa chéad áit d’fhonn na ciorruithe fógartha ag an bhForas do dheontais de chuid an Fhorais a aisiompú, agus go mbainfear úsáid as aon mhaoiniú breise eile chun tionscadail atá luaite sa Phlean Fáis, arb éard atá ann plean infheistíochta atá aontaithe ag 130 Grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, a mhaoiniú. [11786/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) a cheadaíonn buiséid bhliantúla na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas, an Foras Teanga san áireamh.

Cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, de réir an cóimheas maoinithe a aontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga.

Tá méadú curtha ar fáil ag Rialtas na hÉireann i mbuiséad 2025 le cur i dtreo an Fhorais Teanga. Cuirtear tús le bliain bhuiséid an Fheidhmeannais ó thuaidh i mí Aibreáin, áfach, agus dá réir sin, níl buiséid na bliana seo deimhnithe go fóill ag an Roinn Pobal ó thuaidh.

Nuair a bheidh buiséad 2025 deimhnithe agus aontaithe ag na Ranna urraíochta, ó thuaidh agus ó dheas, cuirfear é faoi bhráid chruinniú de chuid CATT lena fhaomhadh.

Rinne Foras na Gaeilge cinneadh ag tús na bliana seo ciorruithe a chur i bhfeidhm ar roinnt dá chuid scéimeanna bunaithe ar an mbuiséad a bhí acu anuraidh.

Ós í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn buiséad iomlán an Fhorais, agus Bord an Fhorais féin a dhéanann cinneadh maidir leis na cláir agus scéimeanna aonaracha a mhaoinítear as an mbuiséad iomlán a cheadaítear, ní féidir liomsa mar Aire treoir aontaobhach a thabhairt dóibh maidir leis na cláir ná scéimeanna aonaracha a mhaoinítear ón mbuiséad comhaontaithe.

Tá sé tábhachtach a shoiléiriú, áfach, nach mbaineann na ciorruithe sin ach le scéimeanna atá á gcómhaoiniú tríd an bhForas Teanga Thuaidh Theas, agus níl aon tionchar aige ar chláir eile agus gníomhaíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá maoinithe ag Rialtas na hÉireann amháin.

Sa chomhthéacs sin, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil méadú faoi dhó tagtha ar an leibhéal iomlán maoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le deich mbliana anuas, agus formhór an mhéadaithe sin tarlaithe le cúig bliana anuas.

Cé nach raibh Foras na Gaeilge in ann leas a bhaint as seo, chuir mo Roinn scéimeanna agus cláir éagsúla ar bun chun a chinntiú go dtéann an maoiniú isteach sna heagraíochtaí atá ag obair ar an talamh le pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na tíre. Mar shampla, tháinig méadú ar bhuiséad na Roinne don phróiseas pleanála teanga ó €500,000 in 2015 go dtí €6.7m in 2025. Cé go bhfuil an maoiniú don phleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht á riar ag Foras na Gaeilge thar ceann na Roinne, tá an maoiniú seo imfhálaithe don obair seo amháin agus dá bhrí sin níl sé faoi réir na gciorruithe maoinithe atá fógartha ag an bhForas.

Tá méadú faoi dhó tagtha ar mhaoiniú na Roinne féin do chláir Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le cúig bliana anuas, ó €4.65m in 2020 go dtí €10.7m in 2025. Tá méid suntasach den mhaoiniú sin á cur ar fáil do chuid de na ceanneagraíochtaí Gaeilge. Le dhá bhliain anuas, tá dúbailt tagtha ar an sciar den mhaoiniú a chuireann an Rialtas ar fáil go díreach do na 6 cheanneagraíocht, ó €1.8m in 2023 go dtí €3.6m i mbliana. Ní raibh an maoiniú seo ann 10 mbliana ó shin, agus tá sé sa bhreis ar an mbunmhaoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil dá chuid ceanneagraíochtaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

795. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth gur tháinig ardú ar bhuiséad na heagraíochta trasteorann InterTrade Ireland ó €6,915,707 in 2002 go €17,412,388 in 2024, ach gur tháinig sna deich mbliana céanna laghdú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó €19,701,895 go €16,265,000? Agus an bhfuil sé i gceist aige cothrom na féinne a chinntiú d’Fhoras na Gaeilge, agus €20 milliún sa bhreis ar a laghad a chur ar fáil don Fhoras le tionscadail a mhaoiniú faoi mar atá siad leagtha amach sa Phlean Fáis atá aontaithe ag 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. [11787/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) a cheadaíonn buiséid bhliantúla na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas, an Foras Teanga san áireamh.

Cuirtear na buiséid faoi bhráid na Comhairle Aireachta tar éis do na ranna urraíochta, thuaidh agus theas, a gcuid buiséad féin a dheimhniú agus soláthar na bliana do na comhlachtaí forfheidhmithe a aontú, de réir na cóimheasa maoinithe comhaontaithe.

Is gá a nótáil gurb í an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíocht an roinn urraíochta ar InterTrade Ireland ar son Rialtas na hÉireann, agus gurb í an Roinn Geilleagair an roinn urraíochta ar son Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann. Dá réir, is iad na ranna sin a chuireann maoiniú ar fáil do bhuiséad InterTrade Ireland agus níl aon bhaint aige le buiséad an Fhorais Teanga, lena n-áirítear Foras na Gaeilge.

Maidir le buiséad Fhoras na Gaeilge, cuireann Rialtas na hÉireann 75% den bhuiséad ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, de réir an cóimheas maoinithe a aontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga.

Tháinig ardú ar bhuiséad bonnlíne an Fhorais Teanga in 2021/2022, agus cé go bhfuil airgead breise ar fáil i dtreo an Fhorais i mbuiséad mo Roinne arís le blianta beaga anuas, 2025 san áireamh, is gá cómhaoiniú de réir an chóimheas maoinithe a bheith ar fáil ón Roinn Pobal, Tuaisceart Éireann, sular féidir aon ardú a chur ar bhuiséad an Fhorais Teanga.

Is fiú a nótáil go ritheann bliain airgeadais na Roinne Pobail (Tuaisceart Éireann) ón Aibreán go dtí an Márta agus nach bhfuil buiséad na Roinne sin socruithe go fóill don bhliain seo chugainn (2025-26).

Nuair a bheidh buiséad 2025 deimhnithe agus aontaithe ag na Ranna urraíochta, ó thuaidh agus ó dheas, cuirfear é faoi bhráid chruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas lena fhaomhadh.

Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil méadú faoi dhó tagtha ar an leibhéal iomlán maoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le deich mbliana anuas, agus formhór an mhéadaithe sin tarlaithe le cúig bliana anuas. Cé nach raibh Foras na Gaeilge in ann leas a bhaint as seo, chuir mo Roinn scéimeanna agus cláir éagsúla ar bun chun a chinntiú go dtéann an maoiniú isteach sna heagraíochtaí atá ag obair ar an talamh le pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na tíre.

Mar shampla, tháinig méadú ar bhuiséad na Roinne don phróiseas pleanála teanga ó €500,000 in 2015 go dtí €6.7m in 2025. Cé go bhfuil an maoiniú don phleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht á riar ag Foras na Gaeilge thar ceann na Roinne, tá an maoiniú seo imfhálaithe don obair seo amháin agus dá bhrí sin níl sé faoi réir na gciorruithe maoinithe atá fógartha ag an bhForas.

Tá méadú faoi dhó tagtha ar mhaoiniú na Roinne féin do chláir Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le cúig bliana anuas, ó €4.65m in 2020 go dtí €10.7m in 2025. Tá méid suntasach den mhaoiniú sin á cur ar fáil do chuid de na ceanneagraíochtaí Gaeilge.

Le dhá bhliain anuas, tá dúbailt tagtha ar an sciar den mhaoiniú a chuireann an Rialtas ó dheas ar fáil go díreach do na 6 cheanneagraíocht, ó €1.8m in 2023 go dtí €3.6m i mbliana. Ní raibh an maoiniú seo ann 10 mbliana ó shin, agus tá sé sa bhreis ar an mbunmhaoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil dá chuid ceanneagraíochtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.