Written answers

Thursday, 6 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

21. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é a thuairim maidir leis an stailc a sheol grúpaí Gaeilge ar an 26 Feabhra 2025, agus oifigigh pleanála teanga ina measc, agus cad atá á dhéanamh faoin éileamh atá acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10073/25]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go mbaineann an cheist leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do Fhoras na Gaeilge.

Is áisínteacht thuaidh-theas é Foras na Gaeilge a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn buiséid an Fhorais.

Cuireann mo Roinn seachtó cúig faoin gcéad (75%) den bhuiséad ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus tagann an chuid eile ón Roinn Pobal ó thuaidh.

Tá méadú curtha ar fáil ag Rialtas na hÉireann i mbuiséad 2025 le cur i dtreo an Fhorais Teanga Thuaidh Theas. Cuirtear tús le bliain bhuiséid an Fheidhmeannais ó thuaidh i mí Aibreáin, áfach, agus dá réir sin, níl buiséid na bliana seo deimhnithe go fóill ag an Roinn Pobal ó thuaidh.

Nuair a bheidh buiséad 2025 deimhnithe agus aontaithe ag na Ranna urraíochta, ó thuaidh agus ó dheas, cuirfear é faoi bhráid an chéad chruinniú eile de chuid CATT lena fhaomhadh.

Aithníonn an Rialtas an frustrachas atá ar Fhoras na Gaeilge agus ar eagraíochtaí pobail na Gaeilge ar fud na tíre de bharr cúrsaí maoinithe an Fhorais faoi láthair.

Tuigim gur eascair an stailc as cinneadh a rinne Bord Fhoras na Gaeilge ag tús na bliana seo ciorraithe a chur i bhfeidhm ar roinnt dá chuid scéimeanna i mbliana, bunaithe ar an mbuiséad a bhí acu anuraidh a bheith acu arís i mbliana.

Tá sé tábhachtach a shoiléiriú nach mbaineann na ciorruithe sin ach le scéimeanna atá á gcó-mhaoiniú tríd an bhForas Teanga Thuaidh Theas, agus níl aon tionchar aige ar chláir eile agus gníomhaíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá maoinithe ag Rialtas na hÉireann amháin.

Mar shampla, níl aon tionchar ag cinneadh Fhoras na Gaeilge ar na hOifigigh Pleanála Teanga mar go bhfuil maoiniú ar leith curtha ar fáil ag an Rialtas don phróiseas sin. Cé go bhfuil an maoiniú don phleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht á riar ag Foras na Gaeilge thar ceann na Roinne, is í an Roinn a cheadaíonn an t-aigead sin agus tá sé imfhálaithe don obair seo amháin. Dá bhrí sin, níl aon údar imní ag na hOifigigh Pleanála Teanga mar go bhfuil an maoiniú sin slán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.