Written answers

Thursday, 6 March 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

20. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta faoina mbeidh gach foráil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 curtha i bhfeidhm iarbhír ag an Rialtas, agus an aithníonn sé go bhfuil an dlí sin á shárú faoi láthair. [10187/25]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugadh feidhm d’fhorálacha deiridh d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ar an 21 Nollaig 2024. Dá bhrí sin tá an tAcht iomlán i bhfeidhm anois agus níl an dlí á sharú.

Dar ndóigh, de réir mar a tugadh feidhm d’fhorálacha an Achta, rinneadh an Príomh-Acht – Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú de réir mar ba chuí – idir leasuithe ar fhorálacha bunaidh mar aon le forálacha nua a chuir isteach ann.

Bhí feidhm láithreach le cuid de na hailt leasaithe nó nua sin ó thaobh dualgais a chuir ar chomhlachtaí poiblí, mar shampla:

  • Alt 4B: oifigeach sinsearach le ceaptha chun críche an Achta
  • Alt 9(2) leasaithe: Postálacha sna meáin shóisialta le freagairt sa teanga oifigiúil ina fhaightear iad
  • Alt 10A – an fhoráil fhógraíochta
Tá forálacha eile, ar nós na cinn faoi na Caighdeáin Teanga – Ailt 19A-D, agus na cinn a bhaineann le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge agus leagan amach foirmeacha oifigiúla (Ailt 9A agus 9B faoi seach), a bhfuil céim sa bhreis leo ó thaobh comhlachtaí poiblí a fhorordú ar mhaithe le n-iad a chur i bhfeidhm.

Ní mór a bheith soiléir sa mhéid seo, nach bhfuil aon sprioc-ama reachtúil leagtha síos i leith fhorordú comhlachtaí poiblí chuig na forálacha seo. Go deimhin, rinneadh é seo d’aon turas mar gur tuigeadh ag an am gur obair straitéiseach é seo nach dtarlódh thar oíche.

É sin ráite áfach, tá go leor oibre ag dul ar aghaidh ó achtaíodh an tAcht leasaithe 3 bliana ó shin, agus beidh dlús ag teacht leis an obair seo anois sa chéad leath de 2025 chun a chinntiú go dtosaíonn na píosaí seo go léir ag teacht le chéile idir an Plean Náisiúnta agus Gníomhaíochta, na Caighdeáin Teanga agus na forálacha deiridh a tugadh feidhm dóibh ag deireadh na bliana seo caite. Táim ag súil le níos mó a fhógairt faoi sin go léir sa tréimhse amach romhainn.

Anuas air sin, sna míonna amach romhainn, beidh mé ag leagan síos dáta nó dátaí réalaíocha agus insroichte, a chothóidh muinín phobal na Gaeltachta in úsáid oifigí agus seirbhísí poiblí Gaeltachta trí Ghaeilge de réir a chéile, sa chás nach bhfuiltear á n-úsáid cheana féin dar ndóigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.