Written answers
Thursday, 27 February 2025
Department of Education and Skills
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
27. To ask the Minister for Education and Skills Chun a fhiafraí den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici a chinntiú go gcloífear leis an ngeallúint do dhaltaí Gaelscoile i gceantair Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 go mbeidh Gaelcholáiste acu le tosú ann i scoilbhlian 2026-2027 i gcomhthéacs an diúltaithe atá déanta ag scoil ainmnithe (sonraí tugtha) don réiteach a bhí fógartha ag a Roinn; an dtabharfaidh sí sonrú ar na céimeanna atá beartaithe aici a ghlacadh chun réiteach a aimsiú chomh luath agus is féidir; an mbeidh cruinniú aici leis an mbrúghrúpa Gaelcholáiste 2468 go luath; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8502/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tacaíonn an Roinn Oideachais go hiomlán le bunú Gaelcholáiste i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas agus tá sí tiomanta go hiomlán dó sin. Tá an Roinn ag obair faoi láthair le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís (ERST) chun a chinntiú go mbíonn plé leanúnach agus soiléir ann leis an scoil atá i gceist maidir lena tiontú rathúil ina Gaelcholáiste comhoideachais ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2026 ar aghaidh. Tá borradh faoi ngá le Gaelcholáiste a bhunú i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas chun freastal ar na cúig Ghaelscoil sa cheantar. Tá an scoil atá i gceist i gcás maith chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar Ghaelcholáiste comhoideachais i gceantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8.
Tá comhairliúchán mar chuid den phróiseas seo agus bhreathnófaí ar aon chruinniú leis an ngrúpa ‘Gaelcholáiste 2,4,6,8’ sa chomhthéacs sin.
Cuirtear fáilte roimh an moladh ó Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís do Choláiste Shráid Synge chun an scoil a thiontú ina Gaelcholáiste comhoideachais, rud a chuirfidh le héagsúlacht agus ilchineálacht na rogha scoile ag leibhéal na hiar-bhunscoile i gceantar chathair Bhaile Átha Cliath Theas gan drochthionchar ar riachtanais fhoriomlána toillte scoile sa cheantar.
Ag leibhéal foriomlán, tá obair ar bun i gcónaí sa Roinn ar pholasaí nua maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an polasaí seo bunaithe ar an bpróiseas cuimsitheach comhairliúcháin atá curtha i gcrích ag an Roinn agus ag taighde idirnáisiúnta. Tógann an polasaí seo ar a bhfuil á bhaint amach faoi láthair faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta chun tacú le soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Díríonn sé ar oideachas trí mheán na Gaeilge d’ardchaighdeán a chur ar fáil agus cion na bhfoghlaimeoirí a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge a mhéadú.
">Response in English
No comments