Written answers
Thursday, 27 February 2025
Department of Education and Skills
Curaclam Scoile
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
26. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aici moltaí na tuarascála a rinne Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sa Dáil dheireanach a chur i bhfeidhm maidir le Córas Bronnta na nDíolúintí i leith na Gaeilge agus ar shonraíocht T1 agus T2 na hArdteistiméireachta don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8501/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an Rialtas thar a bheith tiomanta don Ghaeilge mar atá léirithe ag an iliomad gníomhartha atá á ndéanamh agus ag na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil chun teagasc agus foghlaim na Gaeilge a neartú. Tá breithniú déanta ag mo roinnse ar na moltaí a rinneadh i dtuarascáil Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus phobal na Gaeilge sa Dáil dheireanach. I dtaca leis an gcóras chun díolúintí ó staidéar na Gaeilge a bhronnadh, níl aon phleananna agam faoi láthair an polasaí reatha maidir le díolúintí, a tugadh isteach in 2022, a athrú.
Tá méadú tagtha ar líon foriomlán na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge ó 5.62% in 2017 go dtí 6.98% in 2024/25 sa chomhthéacs seo a leanas:
· Tá méadú tagtha ar rolluithe scoile ag leibhéal na hiar-bhunscoile ó 362,899 in 2018/19 go dtí 416,575 in 2023/24, arb ionann é agus méadú 15% ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
· Tá breis agus 18,000 scoláire ón Úcráin amháin tar éis rollú le trí bliana anuas, 11,267 ag leibhéal na bunscoile agus 6,846 ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
· Tá méadú ag teacht ar líon na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá níos casta agus is léir sin ó bheagnach 1,700 rang speisialta nua a cuireadh ar fáil i scoileanna príomhshrutha le cúig bliana anuas agus méadú de 300 a bheith ag teacht ar an rollú i scoileanna speisialta gach bliain.
· Meastar go bhfuil beagnach 28,000 dalta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu rollaithe i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta i scoilbhliain 2024/2025. Is ionann é sin agus beagnach 3% den phobal foriomlán scoláirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.
Chuaigh mo Roinnse i mbun comhairliúchán forleathan leis na páirtithe leasmhara go léir nuair a bhí na ciorcláin reatha á ndréachtú agus tá dlúthmhonatóireacht leanúnach á déanamh aici ar dheonú díolúintí faoi na ciorcláin nua. Cé go bhfuilim eolach ar thuairimí choiste na Gaeilge, táim eolach freisin ar na dúshláin laethúla a bhíonn roimh leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a thábhachtaí atá sé na fíordhúshláin sin a aithint, agus, nuair is féidir sin a dhéanamh, féachaint lena maolú agus ag an am céanna tábhacht na Gaeilge a aithint.
Tá an Roinn agus a Gníomhaireachtaí ag leanúint ar aghaidh ag obair chun tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge trí, mar shampla; plean a fhorbairt don Ghaeilge i scoileanna Béarla, forbairt polasaí nua don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, deiseanna uasoiliúna níos fearr do mhúinteoirí, forbairt acmhainní, tionscadal FCÁT agus tacaíocht don scéim Gaelbhratach.
In 2021, chuaigh CNCM i mbun comhairliúchán poiblí maidir le dréachtsonraíochtaí Teanga 1 agus Teanga 2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta thar thréimhse naoi mí. Ina dhiaidh sin, chuir CNCM an obair fhorbartha ar dhréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta T1 agus T2 ar sos. Tá taighde breise á dhéanamh ar shamhail an tsoláthair agus na creataí a úsáidtear chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt curaclaim do theangacha dúchais i ndlínsí a bhfuil próifíl chomhchosúil acu. Faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, déanfar Gaeilge na hArdteistiméireachta Bunaithe a athfhorbairt mar chuid de Thráinse 4. Tabharfar ábhair Thráinse 4 isteach sa churaclam do gach scoil in 2028. Rachfar i mbun comhairliúchán poiblí i dtaca leis an dréachtsonraíocht.
No comments