Written answers

Tuesday, 25 February 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Irish Language

Photo of Michael CahillMichael Cahill (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

463. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht the measures being taken to support the Irish language and Gaeltacht areas (details supplied); and if he will make a statement on the matter. [7313/25]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó tharla sonraí na ceiste bheith i nGaeilge, tabharfaidh mé an freagra i nGaeilge.

Tá an Rialtas seo tiomanta an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an oileáin, agus tá gealltanais déanta againn ina leith sa Chlár Rialtais. Tá mise, mar Aire Sinsearach Gaeltachta agus Gaeilge, tiomanta spriocanna an Chláir Rialtais a chur i bhfeidhm, borradh a chur faoin teanga mar theanga pobail agus tacú le pobal a labhartha ar fud na tíre.

Tá réimse leathan gealltanais i gClár an Rialtais maidir leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus oideachas lán Ghaeilge. San áireamh anseo, tá a leanas:

  • leanfar le Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta;
  • tógfar ar chláir oiliúna trí Ghaeilge-amháin do mhúinteoirí;
  • cuirfear tacaíocht ar fáil do naíonraí agus naíolanna ag cinntiú go bhfuil teacht ag pobal na Gaeltachta agus taobh amuigh di, ar an luath-oideachas;
  • bunófar Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí mar a bhfuil éileamh agus cuirfear tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí a roghnaíonn an Ghaeilge mar mheán oideachais dá leanaí;
  • tógfar ar an tréimhse sa Ghaeltacht do mhic léinn an tríú leibhéal le deis a thabhairt dóibh seal staidéir a dhéanamh i gceantar Gaeltachta;
  • déanfar forbairt agus leathnú ar ceangail le hollscoileanna ar fud an domhain ina bhfuil an Ghaeilge á teagasc;
  • leanfar le scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil, ag cinntiú nach gcuireann costas na gcúrsaí bac ar scoláirí ar mian leo freastal ar na cúrsaí; agus,
  • leanfar agus más féidir tógfar ar thacaíochtaí do mhná tí na gcoláistí samhraidh.
Chomh maith leis seo uile, tá geallúint i gClár an Rialtais seo go mbreathnófar go sonrach ar churaclam na Gaeilge i gcomhthéacs Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha le dlús a chur le forbairt na teanga labhartha ag gach leibhéal den chóras oideachais.

Ar ndóigh, mar chuid den obair seo uile, leanfaidh mo Roinn ag cur tacaíochtaí ar fáil d'eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt ar fud an oileáin agus leanfaidh muid ag obair leis an Roinn Oideachais mar a bhaineann le cur chun cinn na teanga sa réimse sin.

Cuireann mo Roinn réimse leathann de thacaíochtaí ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. €107.33m atá i leithdháileadh 2025 don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Is ionann é sin agus méadú 6.7% ar leithdháileadh na bliana 2024 agus is léiriú é ar an rún daingean atá ag an Rialtas seo úsáid na teanga a neartú sna ceantair Ghaeltachta, chomh maith lena húsáid laethúil a mhéadú ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.

Maidir leis a Straiteis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030, rinneadh tagairt shonrach do léargais idirnáisiúnta i leith cúrsaí teangeolaíochta sa Straitéis, mar a bhaineann siad le mionteangacha ach go háirithe. Mar a luadh sa Straitéis, tá ról tábhachtach teangacha, ó thaobh léiriú agus tarchur oidhreachta agus cultúir, aitheanta i gCoinbhinsiún 2003 na Náisiún Aontaithe maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe. Chomh maith leis sin, d’fhorbair UNESCO creat oibre le beocht teanga a thomhas chun cuidiú le Rialtais agus le dreamanna eile ó thaobh polasaí a fhorbairt, agus riachtanais agus bearta cosanta cuí a aithint. Is iad seo a leanas na naoi gcritéar a sainaithníodh sa chreat sin:
  • Seachadadh teanga idirghlúine;
  • Dearcadh pobail i leith a teanga féin;
  • Aistriú réimsí úsáide teanga;
  • Dearcadh agus polasaithe teanga rialtais agus institiúide, stádas agus úsáid oifigiúil san áireamh;
  • Cineál agus caighdeán doiciméadaithe;
  • Freagairt ar réimsí agus meáin nua;
  • Infhaighteacht ábhair oideachais agus litearthachta;
  • Coibhneas cainteoirí sa daonra iomlán; agus,
  • Líon glan cainteoirí.
Tugadh aird ar an gcreat agus na naoi gcritéar seo agus an Straitéis 20 Bliain á cur i dtoll a chéile agus a dtionchar le feiceáil sa chur chuige atá in úsáid ag an bpróiseas pleanála teanga atá forbartha ag mo Roinn trí chéile, idir obair mo Roinne agus obair pháirtithe leasmhara atá ag obair linn chun stádas agus úsáid na Gaeilge a chur cun cinn.

Mar aon leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge á riaradh ag mo Roinn a bhfuil úinéireacht tras-Rannach air. Foilsítear tuairiscí bliantúla maidir le cur i bhfeidhm an Phlean ina dtugtar léargas ar an méid atá déanta thar an tréimhse. Tá ceithre thuairisc foilsithe go dáta agus an cúigiú ceann le foilsiú go luath.

Is ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go príomha atá an fhreagracht as pleanáil agus tithíocht i gceantair Ghaeltachta.

Tá cainteanna ar siúl idir an Roinn sin agus mo Roinn-se maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta agus tá grúpa oibre comhdhéanta den dá Roinn, Údarás na Gaeltachta agus údaráis áitiúla ábhartha bunaithe chun an cheist seo a scrúdú. Is é príomhsprioc an ghrúpa oibre seo a chinntiú go ndéantar pleanáil sna ceantair Ghaeltachta i gcomhthéacs sainriachtanais teanga na bpobal Gaeltachta.

Mar chuid den obair seo, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag dréachtú treoirlínte pleanála Gaeltachta faoi láthair ag teacht le gealltanas a tugadh sa Chlár Rialtas.

Táthar ag súil chomh maith go dtabharfar an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 go dtí Céim an Choiste i nDáil Éireann sna míonna amach romhainn. Tá sé i gceist leis an mBille seo go dtabharfar cumhachtaí breise d’Údarás na Gaeltachta talamh a chur ar fáil chun críche tithíochta i limistéir Ghaeltachta.

I measc na mbeart eile atá á ndéanamh ag mo Roinn chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, tá cur i bhfeidhm iomlán agus rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla, rud atá ríthábhachtach chun an Ghaeilge a neadú i soláthar seirbhísí poiblí do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta.

Céim shuntasach chun cinn ina leith sin ab ea foilsiú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Tá an plean mar thoradh ar dhlúthchomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach reachtúil a bunaíodh faoin Acht, lena n-áirítear mo Roinn féin mar Chathaoirleach, chomh maith leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, an Roinn Oideachais, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Poistphoiblí, gan ach cuid acu a lua.

Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach. Tabharfaidh sé conair chun cur le líon na mball foirne le hinniúlacht Ghaeilge chun soláthar na seirbhísí sin a éascú freisin, de réir sprioc earcaíochta an Achta go mbeidh ar a laghad 20% den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030.

Tacófar leis an bplean náisiúnta seo le dhá phlean gníomhaíochta 3 bliana – an chéad cheann a chlúdóidh an tréimhse 2025-2027. Tá sé beartaithe an chéad phlean gníomhaíochta seo a chur faoi bhráid an Rialtais lena cheadú sna míonna amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.