Written answers

Monday, 9 September 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

744.To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 954 den 23ú Iúil 2024, cén dul chun cinn atá déanta ar an obair athbhreithnithe ar na chéad deich bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta, 2012; cathain a chríochnófar an tuarascáil; cathain a fhoilseofar an tuarascáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.[35046/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an 28ú Meitheamh 2023, d'fhógair mé go raibh conradh bronnta ar an gcomhlacht, Barr Feabhais Teo., chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi réir Acht na Gaeltachta 2012.

Cinnteoidh an tionscnamh seo, a bhfuil buiséad suas le €92,500 á chur ar fáil ina leith, go ndéanfar athbhreithniú neamhspleách ar fheidhmiú na bpleananna teanga seo. Cuirfear aiseolas maidir le feidhmiú na bpleananna ar fáil agus, bunaithe ar an méid a aithnítear san athbhreithniú, beifear in ann céimeanna a ghlacadh d'fhonn cur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga a fheabhsú.

Is iad seo a leanas an 10 Limistéir Pleanála Teanga atá i gceist:

• Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;

• Ná Déise;

• Ciarraí Theas;

• Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;

• Ciarraí Thiar;

• Conamara Láir;

• An Cheathrú Rua;

• Maigh Eo Thuaidh;

• Ráth Chairn & Baile Ghib; agus,

• Árainn Mhór.

Tá an obair ar an tuarascáil fós ag dul ar aghaidh agus táim ag súil go mbeidh sé réidh le foilsiú go gairid. Tuigtear dom go bhfuil bailchríoch á chuir ar i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.