Written answers

Monday, 9 September 2024

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

745.To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht stádas na tuarascála ón Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, bunaithe faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021; an dáta a fuair an Roinn an tuarascáil sin; stádas breithniúchán na Roinne ar an tuarascáil sin; cén dáta a fhoilseofar an tuarascáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.[35047/24]

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glactar leis gur ag trácht ar thuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge faoi alt 18F d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021 atá an Teachta.

Cuireadh an tuarascáil úd, a chlúdaíonn an tréimhse ó bunaíodh an Coiste ar an 20 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023, faoi mo bhráid agus faoi bhráid an Choimisinéara Teanga ar an 28 Meitheamh 2024, ag teacht leis an spriocdháta reáchtúil a leagann amach nach mór é sin a dhéanamh faoin 30 Meitheamh 2024.

Faoin Acht ansin, déanfaidh an Coimisinéir, laistigh de 6 mhí ón dáta sin, tráchtaireacht ar an tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. Déanfaidh an tAire, laistigh de 3 mhí ón tráchtaireacht sin a fháil, an tráchtaireacht agus an tuarascáil a chur faoi bhráid an Rialtais agus, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Má tá an Teachta ag tagairt don Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a bhí le hullmhú agus le cur faoi bhráid an Aire de réir alt 18C d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021; chuir an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge an Plean sin faoi mo bhráid ar an 19 Meitheamh 2024.

Tá an Plean Náisiúnta le cur faoi bhráid an Rialtais laistigh de 3 mhí ón dáta sin tar éis dom é a bhreithniú agus le foilsiú a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, i ndáil le forálacha an Achta.

Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an Plean Náisiúnta seo mar mhapa bóthair do chomhlachtaí poiblí agus é foilsithe ó thaobh líon agus caighdeán a gcuid seirbhísí poiblí Gaeilge a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach, mar aon le cur lena líon foirne inniúil i nGaeilge i ndáil le sprioc earcaíochta 20% an Achta.

Tríd an obair seo táthar ag súil go gcuirfear le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, ag cur ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol – ach go háirithe ina bplé leis an Stát.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.