Written answers
Tuesday, 23 July 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
956.To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 42 ar an 30 Bealtaine 2024, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an bplean a d’eascair as an obair athbhreithnithe a rinne údarás na Gaeltachta faoin bpunann iomlán mhaoine atá aige agus faoi na féidearthachtaí forbartha atá ann; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar na hacmhainní airgeadais a bheidh ag teastáil chun an plean a chur i gcrích; an dtabharfaidh sí an t-eolas is déanaí ar aon teagmháil idir a Roinn agus údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht a chur ar fáil ar thalamh agus ar réadmhaoin atá faoi úinéireacht an údaráis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33127/24]
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá athbhreithniú údarás na Gaeltachta ar a phunann maoine ina áis thábhachtach taighde ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann sna seacht gcontae Gaeltachta.
Táthar ag féachaint ar na féidearthachtaí forbartha do chuid de na foirgnimh folmha atá ag an údarás, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil chun é sin a dhéanamh agus an leas is féidir a bhaint as na foirgnimh. Nuair atá aon chinneadh á dhéanamh ag údarás na Gaeltachta i dtaobh a gcuid maoine, bítear airdeallach i gcónaí ar an dualgas maidir leis an leas is fearr a bhaint as an acmhainn airgeadais atá ar fáil ón Státchiste.
Tuigim ón údarás go mbíonn an plean forbartha dá bpunann bunaithe ar na buiséid a fhaigheann siad go bliantúil.
Bunaítear pleananna caiteachais caipitil tar éis don údarás plé a dhéanamh leis na comhlachtaí agus grúpaí pobail a fhaigheann tacaíocht ón eagraíocht agus a bhfuil foirgnimh á gcur ar fáil dóibh. Tá sé curtha in iúl dom ag údarás na Gaeltachta go bhfuiltear ag féachaint ar léaslíne 3 go 5 bliana maidir le cuid de na forbairtí seo. Tuigim ón údarás nach mór cásanna gnó a fhorbairt le haghaidh na n-infheistíochtaí seo, a chuirtear faoi bhráid bord an údaráis le faomhadh.
Caitear cistí caipitil eile ar áiseanna atá ag deireadh a saoil agus ar gá iad a uasghrádú.
Bíonn plé ar bun ar bhonn leanúnach leis na cliaintchomhlachtaí atá ina dtionóntaí cheana féin agus le cliaint nua atá ag lorg spás tráchtála nó ag iarraidh teacht ar spás breise agus de réir mar a fhásann siad. Níos minicí ná a mhalairt bíonn obair le déanamh ar fhoirgnimh mar chéim tosaigh do thionóntaí agus bíonn aon chaiteachas caipitil le faomhadh ag bord an údaráis. Bíonn ar an údarás a chinntiú go bhfuil na foirgnimh ag teacht le cúramaí reachtúla tógála agus rialachais chomh maith.
Tá curtha in iúl dom ag an údarás go bhfuil athbhreithniú déanta ag an eagraíocht ar thograí tógála a d’fhéadfaí a thosú sa ghearrthéarma (2024 go dtí 2026). Tá an clár infheistíochta caipitil don bhliain 2024 aontaithe ag leibhéal na bainistíochta sna údarás.
ó thaobh na tithíochta de, tá €250,000 ceadaithe ag Bord údarás na Gaeltachta d'obair chomhairleoireachta agus thaighde (a bhfuil léargas de tugtha anseo) i leith tithíocht a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta. Is cead i bprionsabal atá tugtha ag an mbord agus súil múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Gaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt mar thoradh ar an obair seo i gcomhpháirt le geallshealbhóirí leasmhara.
Tá taighde déanta ó shin ar sholáthar agus éileamh tithíochta, obair atá déanta ag an Dr. Séin ó Muineacháin thar cheann an údaráis. Léiríonn an taighde seo:
- Go bhfuil daonra do 106,000 duine sa Ghaeltacht ach go bhfuil an daonra sin ag fás ag leibhéal níos moille ná an tír ar fad
- Go bhfuil sciar den dhaonra sa Ghaeltacht faoi aois 18 ag dul i laghad agus go bhfuil na grúpaí os cionn 55 ag dul i méid.
- Go raibh 53,618 teach sa Ghaeltacht i 2011. D’ardaigh an méid sin go 56,282 faoi 2022. B’fhás de 5% é seo, atá i gcomhréir leis an ráta náisiúnta. Bhí an méadú is mó ann i nGaeltacht na Gaillimhe (11%) agus i nGaeltacht na Mí (12%).
- Go bhfuil an ráta áitíochta níos ísle sa Ghaeltacht - 71%, ardaithe ó 69% i 2011 le hais ráta náisiúnta de 87%. Ag féachaint ar an ráta áitíochta sna Gaeltachtaí, is i nGaeltacht na Mí (92%), na Gaillimhe (83%) agus Port Láirge (80%) atá sé ar an leibhéal is airde.
- Tá an céatadán de thithe folamha sa Ghaeltacht (11%) níos airde ná an sciar náisiúnta (8%)
- Tá níos mó na 5 oiread de thithe saoire sa Ghaeltacht ná sa tír i gcoitinne, mar sciar den stoc tithíochta iomlán. Tá an sciar is airde de thithe saoire le fail i nGaeltachtaí Chiarraí agus Dún na nGall. Tá níos mó ná 40% de na tithe i gCiarraí Theas, Toraigh agus Tuaisceart Dhún na nGall ina dtithe saoire.
Is fiú a lua chomh maith go bhfuil foráil curtha san áireamh agam sa Bhille um údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 chun a chur ar chumas údarás na Gaeltachta talamh a dhíol le comhlachtaí tithíochta aitheanta nó le húdaráis tithíochta chun críche thithíocht sa Ghaeltacht.
No comments