Written answers
Tuesday, 23 July 2024
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
údarás na Gaeltachta
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
955.To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 4 ar an 30 Bealtaine 2024, an dtabharfaidh sí sonraí faoin teagmháil a bhí ag a Roinn le húdarás na Gaeltachta maidir leis an tionscnamh tithíochta a cheadaigh an t-údarás i mí na Nollag 2023 chun samhail le haghaidh tithíocht inacmhainne a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge ar thailte de chuid an údaráis i dtrí cheantar Gaeltachta; céard é stádas forbartha na samhla; cén uair a fhoilseofar an tsamhail; cén uair atáthar ag súil leis an tithíocht inacmhainne a sholáthar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33126/24]
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Pléitear ceist na tithíochta ag cruinnithe rialta idir feidhmeannaigh an údaráis agus oifigigh na Roinne agus tá obair leanúnach i dtaobh na ceiste seo ar siúl ag foireann an údaráis leis na geallshealbhóirí ábhartha eile.
Cheadaigh Bord údarás na Gaeltachta €250,000 d'obair chomhairleoireachta agus thaighde ag a gcruinniú i mí na Nollaig 2023. Choimisiúnaigh an túdarás taighde maidir le soláthar agus éileamh ar thithíocht sa Ghaeltacht ón Dr. Séin ó Muineacháin. Tá an taighde sin déanta anois agus foilsíodh na torthaí le gairid.
Léiríonn an taighde
- Go bhfuil daonra do 106,000 duine sa Ghaeltacht ach go bhfuil an daonra sin ag fás ag leibhéal níos moille ná an tír ar fad
- Go bhfuil sciar den dhaonra sa Ghaeltacht faoi aois 18 ag dul i laghad agus go bhfuil na grúpaí os cionn 55 ag dul i méid.
- Ag baint úsáid as torthaí an daonáirimh, bhí 53,618 teach sa Ghaeltacht i 2011. D’ardaigh an méid sin go 56,282 faoi 2022. B’fhás de 5% é seo, atá i gcomhréir leis an ráta náisiúnta. Bhí an méadú is mó ann i nGaeltacht na Gaillimhe (11%) agus i nGaeltacht na Mí (12%).
- Tá an ráta áitíochta níos ísle sa Ghaeltacht (71%, ardaithe ó 69% i 2011) ná an ráta náisiúnta 87%. Ag féachaint ar an ráta áitíochta sna Gaeltachtaí, is i nGaeltachtaí na Mí (92%), na Gaillimhe (83%) agus Phort Láirge (80%) atá sé ar an leibhéal is airde.
- Tá an céatadán de thithe folamha sa Ghaeltacht (11%) níos airde ná an sciar náisiúnta (8%)
- Tá níos mó ná cúig oiread de thithe saoire sa Ghaeltacht ná sa tir, mar sciar den stoc tithíochta iomlán. Tá an sciar is airde de thithe saoire le fail i nGaeltachtaí Chiarraí agus Dún na nGall. Tá níos mó de 40% de na tithe i gCiarraí Theas, Toraigh agus Tuaisceart Dhún na nGall ina dtithe saoire, agus muid ag féachaint ar na Limistéir Pleanála Teanga.
- An Rinn, Co. Phort Láirge;
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe;
- Tithe Charraig a’tSeiscin, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
No comments