Written answers

Tuesday, 21 March 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

385. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndearna duine (sonraí tugtha) iarratas chuig Údarás na Gaeltachta ar cheart slí trí thalamh an Údaráis le haghaidh gnó, bunaithe ar acmhainn nádúrtha a fhorbairt; an bhfuil sé i gceist ag an Údarás an ceart slí a ghéilleadh agus, i gcás nach bhfuil, cén fáth; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13073/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá freagrach mar Roinn Stáit as gnóthaí mara agus as forbairt fhoriomlán chalafort Ros an Mhíl dá réir. É sin ráite, is in úinéireacht Údarás na Gaeltachta atá roinnt den talamh gar don chalafort sa cheantar.

Tuigtear don Roinn go bhfuil dhá cheadúnas eisithe ag Údarás na Gaeltachta i leith úsáid bóthair de chuid na heagraíochta i Ros an Mhíl agus go bhfuil aontú in áit leis an Roinn Talamhaíochta, Bia agus Mara maidir le ceann de na ceadúnais. Tá an tÚdarás ag fanacht ar aontú maidir leis an gceann eile.

Tá curtha in iúl ag an Údarás dom go ndéantar nithe éagsúla a mheas agus iarratais ar cheadúnais mar seo á mbreithniú ag an eagraíocht agus go mbeidh cead Bhord an Údaráis ag teastáil sa chás seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.