Written answers
Tuesday, 21 March 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Calafoirt agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
384. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir lena polasaí i leith fhorbairt Chalafort Ros a’ Mhíl ar fad agus an cheantair timpeall air chun deiseanna fostaíochta a chruthú sa cheantar láidir Gaeltachta sin; ar thug sí treoir d’Údarás na Gaeltachta maidir le plean forbartha cuimsitheach a réiteach don talamh atá ag an Údarás ansin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13072/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá freagrach mar Roinn Stáit as gnóthaí mara agus as forbairt fhoriomlán chalafort Ros an Mhíl dá réir.I gcomhthéacs na freagrachta atá ar Údarás na Gaeltachta maidir le gnóthaí fiontraíochta agus fostaíochta a chur chun cinn sa Ghaeltacht, tuigtear don Roinn go ndearna an tÚdarás, as a stuaim féin, tuarascáil dar teideal: Ros a Mhíl, Zón Straitéiseach Fiontraíochta a sheoladh le gairid.
Luaitear inti go bhféadfadh ról an-tábhachtach a bheith ag Ros an Mhíl i bhforbairt fuinneamh gaoithe amach ó chósta na hÉireann agus go bhféadfadh sé a bheith ar cheann de na calafoirt is tábhachtaí mar a bhaineann sé leis an réimse sin.
No comments