Written answers
Wednesday, 8 March 2023
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéimeanna Teanga
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
102. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a fuair an Roinn iarratas ar íocaíocht deontais (sonraí tugtha); cén uair a dhéanfar an t-iarratas sin a phróiseáil; cén fáth a bhfuil moill ar an íocaíocht sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11973/23]
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fuarthas an t-iarratas ar dheontas ábhartha na Roinne a bhfuil tagairt déanta dó i mí Bealtaine 2022.
Ar an drochuair tá moill bainteach le próiseáil an iarratais i gceist agus is cás leis an Roinn an mhoill sin ar ndóigh.
Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de áfach go mbeidh cúram á dhéanamh de gan rómhoill eile agus go mbeifear i dteagmháil mar is gá leis an iarratasóir.
No comments