Written answers

Thursday, 26 January 2023

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

65. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais, nó Scéim nua um Labhairt na Gaeilge a chur ar bun sna ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3702/23]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tháinig deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge dhá bhliain déag ó shin in 2011 nó mar sin. Faoin scéim d’íoctaí deontas, arbh fhiú suas le €260 in aghaidh na bliana le theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a bhí in ann a léiriú don Roinn gurbh í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha bhunadh an tí acu. Sa scoilbhliain deireadh dá riar (2010/2011) is €660,660 an caiteachas a bhain leis an scéim.

Ó cuireadh deireadh leis an scéim tá raon leathan de bhearta curtha i bhfeidhm ag mo Roinn in áit Scéim Labhairt na Gaeilge agus faoi scáth an phróisis pleanála teanga - a tháinig i bhfeidhm ó shin - chun cabhrú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh.

I measc na bpríomhrudaí atá ar bun:

- Tá cistíocht shuntasach á cur ar fáil ag an Roinn don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ar fiú breis agus €1.6m é thar tréimhse trí bliana. Baintear leas as an gciste sin chun clár leathan tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá dírithe ar thacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. Níor mhiste a lua go bhfuil an ciste sin deich n-oiread níos airde ná an ciste bliantúil arbh €50,000 dá fheabhas é a chuirtí ar fáil don eagraíocht chúig bliana ó shin.

- Comhthreomhar leis an gciste sin chuir an Roinn ciste faoi leith ar fáil don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta chun tacú tuilleadh le soláthar seirbhísí sa réimse luathbhlianta sa Ghaeltacht ar fiú €495,380 é i leith an scoilbhliain 2021/22. Tá plé ar siúil leis an eagraíocht sin faoi láthair i leith allúntas 2022/23. Ní áirítear sa chiste seo an ciste faoi leith a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ar fiú €619,500 é i leith 2023.

- Mar a bhaineann sé le tacú le teaghlaigh Ghaeltachta tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta, luafainn an chistíocht ardaithe thar tréimhse de bhlianta beaga anuas atá á cur ar fáil ag mo Roinn chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta ó cheann ceann na bliana. Cuimsítear sa tacaíocht sin na cistí faoi leith a chuirtear ar fáil faoi Scéim na gCúntóirí Teanga; Clár na gCluichí Gaelacha agus Clár na nEalaíon Teangabhunaithe.

Tugtar léargas níos iomláine faoina bhfuil ar bun sa tuairisc bhliantúil is deireanaí maidir le feidhmiú Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge a foilsíodh le gairid agus a bhfuil fáil air ar shuíomh na Roinne.

I bhfianaise an tábhacht faoi leith, áfach, a bhaineann le tacú tuilleadh fós le cur chun cinn na teanga ar bhonn teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go deimhin sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga, tá i gceist ag feidhmeannaigh mo Roinne bualadh go luath le páirtithe leasmhara chun breathnú ar bhearta breise thairis an méid atá ar bun cheana a d’fhéadfaí a chur sa tsiúil chun tacú tuilleadh le cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an teaghlaigh sa Ghaeltacht, agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge araon.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.