Written answers

Thursday, 17 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas Gaeltachta

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

25. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad a dhéanfar chun a chinntiú go mbeidh rochtain níos fearr ag pobail faoi mhíbhuntáiste ar an nGaeilge agus ar na ceantair Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56953/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaithe leis na cineálacha deiseanna bhfuil an Teachta ag tagairt dó ina cheist, d’fhógair mé níos túisce i mbliana go bhfuil ciste ceithre céad míle euro (€400,000) ceadaithe agam chun leathnú suntasach a dhéanamh ar an gciste scoláireachta do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre chun freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh.

Faoin gciste breise atá ceadaithe faoin mbeartas dar teideal: DEIS Gaeltachta - ar cuireadh tús leis in dhá mhíle agus a naoi deag, bhí an deis ag breis agus ceithre céad scoláire as iar-bhunscoileanna DEIS ar fud na tíre tairbhe a bhaint i mbliana as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht. Is ciste caoga míle euro (€50,000) a bhí ann roimhe seo.

Is fiú suas le ocht gcéad caoga euro (€850) na scoláireachtaí a chuirfear ar fáil faoin gciste atá á riar ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin thar ceann na Roinne.

Tá sé mar sprioc agam leis an mbeart seo níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga nach bhfaigheadh an deis de ghnáth, le dul chun na Gaeltachta ar chúrsa Gaeilge. Ní amháin gur ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá an beart praiticiúil seo ach beidh sé ar leas an tsochaí trí chéile mar a bhaineann sé le hionchuimsiú sóisialta.

Tá an chéim seo i gcomhréir leis an ngealltanas faoi leith sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge dhá mhíle agus a h-ocht déag go fiche fiche dó (2018-2022) maidir le hearnáil na gcoláistí Gaeilge.

Is fiú a lua ar bhonn ginearálta gur cheadaigh mé ardú fiche fán gcéad (20%) chomh maith i mbliana ar an deontas laethúil atá iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail chóras na gColáistí Gaeilge faoi scéím mo Roinne.

Fágann na beartais faoi leith seo ar fiú timpeall ocht gcéad seasca míle euro (€860,000) iad le chéile, go mbeidh tuairim is cúig ponc a dó milliún (€5.2m) san iomlán á infheistiú feasta ag mo Roinn go bliantúil san earnáil seo faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.