Written answers

Thursday, 17 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oifigí Roinne

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

24. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 47575/22, soiléiriú a thabhairt ar stádas an grúpa oibre a bunaíodh mar thoradh ar thaighde a rinneadh do Thuismitheoirí na Gaeltachta; líon na n-uaireanta a bhuail an grúpa oibre le chéile go dtí seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56945/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaithe le tuilleadh comhoibrithe, comhthuisceana agus comhpháirtíochta a chothú i measc páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le seachadadh tacaíochtaí do theaghlaigh Ghaeltachta atá, nó ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge, agus mar a chuir mé in iúl sa Teach seo cheana, bhunaigh mo Roinn grúpa oibre le gairid. Tionóladh an chéad chruinniú den ghrúpa ar an 19 Iúil 2022 in oifigí mo Roinne. Tá mo Roinn ag oibriú i dtreo dáta a aontú don dara chruinniú den ghrúpa sna seachtainí atá amach romhainn.

Tá an grúpa - atá faoi chathaoirleacht na Roinne - comhdhéanta d'ionadaíocht ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, na hoifigigh phleanála teanga agus Údarás na Gaeltachta. Beifear in ann cuireadh chun freastal ar chruinniú a thabhairt do pháirtithe leasmhara eile amach anseo, más gá.

Mar thoradh ar an gcéad cruinniú, tá aiseolas bailithe ag mo Roinn ó na páirtithe leasmhara a léiríonn na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta. Beidh an t-aiseolas sin mar ábhar plé ag an gcéad chruinniú eile.

Ar bhonn níos leithne, níor mhiste a nótáil gur ceadaíodh allúntas suas le €1.6m thar an tréimhse 2021 go 2023 don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh. Tagann an ciste ardaithe seo sna sála ar an gciste €1.03m a cuireadh ar fáil don eagraíocht don tréimhse dhá bhliain go leith roimhe seo chun clár comhaontaithe ar leas teaghlaigh Ghaeltachta a fheidhmiú.

Anuas air sin, bhí ar mo chumas tacaíocht bhreise a cheadú don eagraíocht i mí Iúil na bliana seo chun go mbeidh siad in ann an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh atá á riar acu thar ceann na Roinne a bhainistiú agus a fhorbairt. Mar chuid den allúntas breise sin, tá soláthar ann chun oifigeach breise a fhostú san eagraíocht chun dáileadh a dhéanamh ar an bpacáiste.

Comhthreomhar leis sin uile, tá cistíocht faoi leith idir mhaoiniú na Roinne agus mhaoiniú Údarás na Gaeltachta ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta atá ag cabhrú le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm, fad mo chumais, chun tacú leis an obair seo uile mar chuid d'fheidhmiú leanúnach Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.