Written answers

Thursday, 17 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oifigí Roinne

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

22. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Phairliminte 47576/22, stádas an ghrúpa idir-rannach atá ag obair chun cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn; soiléiriú a thabhairt ar an gcruinniú is déanaí den ghrúpa; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56943/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú - faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Sa chomhthéacs sin, ar mhaithe le feabhas a chur ar an gcaoi a chuirtear forálacha ábhartha den Acht agus na rialacháin lena mbaineann i bhfeidhm i dtaobh gnóthaí Gaeilge sa Ghaeltacht, tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhar le mo Roinnse agus páirtithe leasmhar eile - Údarás na Gaeltachta san áireamh - ag obair faoi láthair chun raon beartas ábhartha a ullmhú.

Ceann de phríomhaidhmeanna an ghrúpa idir-Rannach seo ná a chinntiú go ndéanfar nósanna imeachta agus córais a shaincheapadh, de réir mar is cuí, chun cur chuige éifeachtach agus caighdeánach a éascú do na húdaráis áitiúla ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le pleanáil i gceantair Ghaeltachta a bhainistiú.

Tríd an obair seo uile atá ar bun, tá i gceist cur chuige níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a aimsiú agus a fheidhmiú ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar bheartas faoi leith, tá i gceist go mbeidh treoirlínte ábhartha á bhfoilsiú go luath ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a mbeidh údaráis áitiúla agus forbróirí araon in ann leas a bhaint astu. Tá sé seo uile á dhéanamh ag an dá Roinn ar bhonn comhpháirtíochta mar thaca breise d’fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga atá mar bheartas lárnach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 lena mbaineann.

Tionóladh an cruinniú is déanaí den ghrúpa idir-Rannach ar 14 Samhain 2022. San iomlán, tháinig na Ranna agus an tÚdarás le chéile 9 n-uaire ó mhí Feabhra 2021.

Bhí an dara chruinniú de Ghrúpa Oibre atá comhdhéanta d’ionadaithe ó mo Roinn, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Údarás na Gaeltachta agus an ocht údarás áitiúil ábhartha ann ar 25 Deireadh Fómhair nuair a tugadh uasdhátú don ghrúpa faoi staid reatha na hoibre trí chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.