Written answers

Thursday, 17 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

21. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht briseadh síos sonrach a dhéanamh ar an maoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta fógartha i gCáinaisnéis 2023, de réir maoiniú caipitil, maoiniú reatha don riarachán, agus maoiniú reatha don fhorbairt pobal, agus a mhíniú cén fáth gurb é Údarás na Gaeltachta an t-aon eagras stát freagrach as forbairt tionscal agus fostaíocht a chruthú atá fós ag fáil níos lú maoiniú caipitil in aghaidh na bliana ná mar a bhí i 2008, i gcomparáid mar shampla le IDA Ireland agus Fiontar Éireann. [56974/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cistíocht iomlán d’ós cionn €34m curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha. Tá an ciste seo ag cabhrú go suntasach leis an Údarás chun a chlár oibre a chur chun feidhme. Tá comhdhéanamh an chiste mar seo a leanas:

- Fomhír C6 – Údarás na Gaeltachta (reatha) (riarachán): Tá soláthar de €13.080m curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i mbliana i gcomhair riaracháin, pá agus pinsin – sin méadú de €500,000 ar an mbuiséad ó anuraidh.

- Fomhír C7 – Údarás na Gaeltachta (reatha) (forbairt pobail agus teanga): Tá soláthar airgid de €5.750m á chur ar fáil faoi fhmhír C7 de Vóta na Roinne - ionann le allúntas breise ar fiú €1m é i mliana. Cuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis tuilleadh airgid a chur i dtreo na gcomharchumann agus na n-eagraíochta pobalbhunaithe ar fud na Gaeltachta chun tacú leo a gcláir oibre a chur i bhfeidhm, mar aon le forbairt óige, luathbhlianta agus na n-ealaíon sa Ghaeltacht de réir mar a aithnítear na tosaíochtaí.

- Fomhír C8 – Údarás na Gaeltachta (caipiteal) (deontais do ghnó agus clár tógála). Tá soláthar airgid de €14.45m á chur ar fáil faoi fhomhír C8 de Vóta na Roinne mar aon leis an soláthar de €1.5m a bhfuil cead tugtha don Údarás a thabhairt ar aghaidh ó 2021. Cuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis fostaíocht a chruthú, uasghrádú a dhéanamh ar fhoirgnimh etc. agus páirtmhaoiniú a thabhairt do roinnt tionscadail straitéiseacha turasóireachta sa Ghaeltacht.

Ar bhonn ginearálta mar a bhaineann sé leis an gciste a chuirtear ar fáil don Údarás, dhéanfainn na pointí seo a leanas:

- Ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, ceadaíodh maoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta mar chuid den Phlean Spreagtha Post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil suas le €8m breise ar fáil don Údarás chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce.

- Ina theannta sin, cuireadh ardú €4.45m ar chiste caipitil ar fáil d’Údarás na Gaeltachta anuraidh chun fostaíocht a chruthú agus chun cliaint-comhlachtaí an Údaráis a chosaint ón mBreatimeacht agus ón bpaindéim COVID-19.

Údar sásaimh is ea é, dá réir, go bhfuil ardú 60% san iomlán curtha ar an soláthar caipitil atá ar fáil d’Údarás na Gaeltachta ó tháinig mé isteach mar Aire Stáit i 2020 i gcomparáid leis an mbunlíne caipitil de €8.5m i 2019. Níor mhiste a chur san áireamh chomh maith, ar ndóigh, go bhfuil fáil ag an Údarás ar fhoinsí eile maoinithe de chuid mo Roinne - beag beann ar an soláthar thuasluaite. Luafainn sa chomhthéacs sin an chistíocht a bheidh á chur ar fáil ag mo Roinn ó Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne (fomhír C3) chun a chumasú don Údarás roinnt tograí caipitil faoi leith sa réimse oideachais, óige agus turasóireacht chultúrtha a fhorbairt sna blianta amach romhainn.

Ar ndóigh, in éindí le foinsí maoinithe mo Roinne níor mhiste a lua chomh maith go bhfuil foinsí eile maoinithe ag an Údarás eadhon: an Ciste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe chomh maith leis an gCiste um Forbairt Fiontraíochta Réigiúnaí – dhá chiste atá tar éis cur go suntasach le buiséad caipitil an Údaráis le blianta beaga anuas.

Maidir le Cáinaisnéis 2023 a fógraíodh le déanaí, níor mhiste a lua ach go háirithe:

- Go mbeidh €1m breise ag dul chuig Údarás na Gaeltachta a chabhróidh le hobair na n-eagraíochtaí pobalbhunaithe agus leis na comharchumainn chun tacú le pobal na Gaeltachta go heacnamaíoch, go sóisialta agus go cultúrtha.

- Go bhfuil an maoiniú caipitil de €14.454m a fuarthas don eagraíocht in 2022 coinnithe arís do 2023.

Ní gá dom a rá go leanfaidh mé orm ag faire amach ar gach deis chun tacú leis an Údarás maidir leis an ról lárnach atá ag an eagraíocht chun fostaíocht a chruthú agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.