Written answers

Wednesday, 16 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Ceisteanna Craolacháin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

84. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici le TG4 a neartú agus lena chinntiú go mbeidh comhréir chothrom idir an maoiniú stáit atá ag TG4 le hais RTÉ; an bhfuil i gceist aici gasra oibre a bhunú le breathnú air sin agus ar an gcleachtas atá ann maidir le maoiniú S4C sa Bhreatain Bheag; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56876/22]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar an tAire le freagracht as an nGaeltacht agus an nGaeilge, mar aon leis na Meáin, tuigim go maith an ról tábhachtach atá ag earnáil na meán i gcur chun cinn agus forbairt leanúnach na Gaeilge agus i seachadadh Straitéis 20 bliain don Teanga.

Fuair mé maoiniú breise €7.3m do TG4 le haghaidh 2023, a thabharfaidh a leithdháileadh iomlán suas go €52.233m. Seo an t-ardú bliantúil is mó riamh a cuireadh ar fáil do TG4, agus tógann sé san áireamh €4m breise sa mhaoiniú a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh sa leithdháileadh méadaithe Straitéis Iar-COVID-19 TG4 lena n-áirítear an sprioc chun cainéal Gaeilge tiomnaithe a bhunú do leanaí, a bhfuil €3.3m á sholáthar dó.

Maidir le S4C a úsáid mar chomparadóir maoinithe do TG4, tá ról reachtúil ag Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le riachtanais mhaoinithe bhliantúla TG4 a mholadh, agus lean mé na moltaí sin. Go fadtéarmach, cuirfear na moltaí i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán san áireamh i maoiniú amach anseo do na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí in Éirinn, lena n-áirítear TG4. Chun aitheantas a thabhairt do thábhacht na Gaeilge agus do chastacht na mbealaí is fearr chun í a chur chun cinn, mhol an Coimisiún gur cheart athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar na Gaeilge a dhéanamh. Aontaím go láidir leis an moladh seo agus tá sé beartaithe go gcuirfidh an rialtóir nua, Coimisiún na Meán, tús leis an athbhreithniú in 2023.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.