Written answers

Wednesday, 16 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

83. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist aici gasra oibre a bhunú le scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann don earnáil gnó, bunaithe ar an teanga a neartú, le go gcruthófar ioncam níos mó agus poist as an earnáil seo, gurb í an achmhainn nádurtha is mó atá sna limistéir Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56875/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá obair idir lámha ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar chur chun cinn na Gaeilge i measc a chliantchuideachtaí. Tá sé seo á dhéanamh mar thaca d'fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus mar chuid den obair atá idir lámha acu le cúram a dhéanamh d'fheidhmiú a straitéis cúig bliana féin don tréimhse 2021-2025.

Mar chuid den obair sin trí chéile tuigtear don Roinn gur dáileadh ceistneoir le gairid chuig gach cuideachta agus tá iarrachtaí déanta agus á ndéanamh leis na fostóirí agus na fostaithe a spreagadh le heolas agus tuairimí a roinnt maidir lena riachtanais teanga agus na tacaíochtaí a bheadh úsáideach dóibh, bíodh sé sa láthair oibre nó sa phobal ina bhfuil siad lonnaithe.

Tuigtear don Roinn chomh maith go dtiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúcháin sin ar 18 Samhain - tráth a ndéanfar anailís ar thorthaí an tsuirbhé i dtreo an t-aiseolas a bhailítear a úsáid mar bhunús plean gnímh le gur féidir leis an Údarás tacú lena gcliantchuideachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn.

Maidir leis an straitéis thuasluaite de chuid an Údaráis leagtar amach fís don Ghaeltacht ann mar réigiún cruthaitheach, nuálach agus inmharthana. Le feidhmiú na straitéise sin - agus an bearta thuasluaite mar chuid den fheidhmiú - tá sé mar aidhm ag an Údaras na réigiúin Ghaeltachta a chur chun cinn mar cheantair atá tarraingteach le maireachtáil ann agus mar cheantair a bhfuil deiseanna fostaíochta den chéad scoth ar fáil iontu.

Tagann sé seo trí chéile le haidhmeanna foriomlána Phlean Ghníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge 2018-2023 atá á chur chun feidhme ar bhonn tras-rannach mar thaca breise d'fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.