Written answers

Thursday, 24 February 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

56. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminteach Uimhir 111 ar an 20 Eanáir 2022, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar athbhreithniú atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; stádas an taighde atá idir lámha ag an gcuideachta taighde Brioclage; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10318/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, agus ceist faoin ábhar seo á freagairt roimhe seo le gairid, tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil athbhreithniú idir lámha acu ar na córais agus an cur chuige atá in áit ag an eagraíocht maidir le cur chun cinn na Gaeilge i gcliantchomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás chun fostaíocht a chruthú sna ceantair Ghaeltachta.

Tá trí chéim aitheanta ag an Údarás san obair athbhreithnithe inmheánach seo atá ar siúl agus ar cuireadh tús leis in Earrach na bliana 2021.

Bhain an chéad chéim le hathbhreithniú ar riachtanais na heagraíochta mar a bhaineann sé le cothú na teanga i gcliantchomhlachtaí agus ar na córais riaracháin agus tuairiscithe inmheánacha atá i bhfeidhm le pleananna teanga a aontú agus le monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sin.

Fostaíodh an comhlacht comhairleoireachta Meas Media le tabhairt faoin obair seo i gcomhair le feidhmeannaigh an Údaráis agus tuigtear don Roinn go bhfuil an chéad chéim den athbhreithniú críochnaithe agus céimeanna tógtha chun tús a chur le moltaí an athbhreithnithe a chur i bhfeidhm.

I measc na moltaí a tháinig as an gcéad chuid den athbhreithniú bhí:

- córais inmheánacha lárnach agus ar-líne a fhorbairt chun an obair thuairiscithe agus mhonatóireachta a dhéanamh níos éifeachtaí;

- ról na foirne in aontú pleananna teanga a thabhairt chun tosaigh níos luaithe sa phróiseas nuair atá fiosrúchán faighte ó ghnólachtaí atá ag iarraidh gnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht;

- an gá atá le pleananna teanga a aontú ag tabhairt san áireamh riachtanais an chliant féin, an ceantar ina bhfuil siad lonnaithe, an margadh ar a bhfuil siad dírithe agus an earnáil ina bhfuil siad ag feidhmiú agus;

- an gá atá le tacaíochtaí breise agus nuálaíoch a thairiscint chun na cliantchomhlachtaí a spreagadh agus a mhealladh leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó go inmheánach agus go seachtrach.

Tá tús curtha leis an dara gné den obair le roinnt seachtainí anuas agus tuigtear don Roinn go bhfuil an comhlacht taighde Brioclage fostaithe agus ag tabhairt faoi thaighde a dhéanamh ar na cliantchomhlachtaí féin agus a gcuid fostaithe le heolas agus tuairimí a bhailiú uatha a bheidh mar bhunús do chlár tacaíochta athleasaithe/nua a bheidh le forbairt dírithe ar na cliaint a mhealladh agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus/nó a chur chun cinn ina ngnólachtaí, go hinmheánach agus go seachtrach.

Tá 15 cliantchomhlacht aitheanta chun páirt a ghlacadh in agallaimh dhíreacha agus díreoidh an taighde ar eolas, aischothú agus moltaí a bhailiú uatha. Lena chois sin, déanfar an taighde a iomlánú trí shuirbhé ar-líne a dhéanamh ar suas le 100 cliantchomhlacht eile.

Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh an taighde seo críochnaithe faoi dheireadh Mhárta agus tuairisc curtha faoina bhráid i mí Aibreán 2022.

Bainfidh an tríú gné den obair athbhreithnithe seo le cur i bhfeidhm na moltaí a thiocfaidh ón obair thaighde seo ar na cliantchomhlachtaí, agus le forbairt ábhair agus tacaíochtaí breise a bheidh mar chuidiú leis na spriocanna thuas a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.