Written answers

Thursday, 24 February 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

55. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminteach Uimhir 136 an 20 Eanáir 2022, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar stádas phlean teanga Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10319/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le plean teanga na n-Oileáin Árann, mar a luaigh mé sa fhreagra a thug mé ar Cheist Dála uimhir 136 ar an 20ú Eanáir 2022, bhí deis agam roimh an Nollaig casadh le hionadaithe ó na hOileáin Árann atá gníomhach sa phróiseas pleanála teanga chun a bplean a phlé. Tá toradh an phlé sin agus an plean teanga féin á bhreithniú ag an Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta faoi láthair. Cé is móite den phlean seo, tá gach ceann eile den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta i mbun fheidhmiú a gcuid pleananna nó ar tí é sin a thosú.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge, go dáta, tá pleananna teanga curtha faoi bhráid mo Roinne agus ceadaithe i leith ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta den sé cinn déag uile atá aitheanta mar ábhar Bhailte Seirbhíse, agus tá trí Líonra Gaeilge aitheanta go nuige seo faoin bpróiseas. Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe faoin bpróiseas go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.