Written answers
Thursday, 20 January 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Iompair
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
80. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí athbhreithniú ar scéim na mbóithre áise a thabhairt ar ais le haghaidh na gceantar Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2512/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Scéim na mBóithre Áise, a bhfuil an Teachta ag tagairt di, curtha ar fionraí le roinnt blianta anois. Faoin scéim sin bhíodh deontais chaipitil ar fáil chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a dheisiú.
Ach an oiread leis an gcuid eile den tír, is faoi na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann an fhreagracht maidir le cothabháil bhóithre na Gaeltachta. Níl aon phleananna ag mo Roinn an scéim a athnuachan, dá bharr.
Leagtar amach straitéis an Rialtais seo maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, a fuair tacaíocht tras-pháirtí i dTithe an Oireachtais, sa Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. In thaobh sin, is fiú dom a mheabhrú don Teachta gurbh é an Plean Gníomhaíochta 2018-2022, a d’fhoilsigh mo Roinn thar ceann an Rialtais i mí Meithimh 2018, an mapa bóthair ina ndéantar rianú ar cad a dhéanfar chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéíse thar saolré an phlean.
Ós rud é go bhfuil comhfhreagracht agus comhúinéireacht ag croílár an cur chuige, is plean tras-Rannach é agus is gá do gach ceann den 60 páirtí leasmhar a ndéantar a rianú sa phlean a gcion a dhéanamh chun go mbeidh an toradh is fearr a bhféadfaí bheith ag súil leis mar a bhaineann sé le cur chun feidhme an breis agus 180 beart atá ann.
Is léir ón tuarascáil deiridh maidir le feidhmiú an Phlean a foilsíodh sa dara leath de 2021 go bhfuil dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh le formhór na spriocanna atá san áireamh ann. Ó shin i leith, dár ndóigh, tá péire de na tograí teanga is mó ó bunaíodh an Stáit curtha i gcríoch - achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 agus an deireadh a cuireadh leis an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Sílim gur léiriú é seo ar an rath atá ar pholasaí an Rialtais seo maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.
No comments