Written answers

Thursday, 20 January 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

79. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil a Roinn ag tabhairt faoi phleananna maidir le cúrsaí Gaeltachta do Cháisc agus do Shamhradh 2022 i láthair na huaire; an bhfuil sé ar intinn ag a Roinn deontas atosaithe a chur ar fáil do mhná agus d’fhir tí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2209/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte in mbliana atá an Roinn ag feidhmiú agus, dá réir, gur tríd an gcúnamh leanúnach a chuirtear ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh an Roinn ag teacht i gcabhair ar an earnáil go príomha mar a bhaineann sé le cúrsaí maoinithe in mbliana.

Mar is eol don Teachta, tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga  a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus triú leibhéal na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí foriomlána an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030.

Beidh a fhios ag an Teachta gur bhunaigh mo Roinn trí chiste faoi leith anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú €4m in iomlán iad.  Bhain ceann acu - ar luach €2.2m - le lucht lóistín an chórais mar is eol don Teachta. Níl aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht tríd na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime ach tá muid ag súil le filleadh ar an ngnáthshaol i mbliana. 

Mar bheart breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil cuireadh in iúl do choláistí i bhfómhar 2021 go mbeifear sásta mar eisceacht, gearrchúrsaí seachtaine a aithint faoin scéim i gcás go mbeadh coláistí ag iarraidh a leithéid a eagrú chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis cúrsaí trí seachtaine a dhéanamh de dheasca COVID-19.

Ní gá a rá go leanfaidh mo Roinn ag coinneáil an scéal ar fad faoi bhreithniú i gcomhar le páirtithe leasmhara - ag súil leis i rith an ama go mbeidh athoscailt iomlán i ndán don chóras sa tréimhse atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.