Written answers

Wednesday, 3 November 2021

Department of Rural and Community Development

Seirbhísí Iompair

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

179. To ask the Minister for Rural and Community Development an mbeidh meon dearfach aici i leith seirbhís idir Oileáin Árann a chur ar fáil ar bhonn teoranta le haghaidh ocáidí spóirt, imeachtaí pobail móra, sochraidí agus bainiseacha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53474/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don teachta, is thrí an córas poiblí soláthair a dhéanann an Roinn iarratas ar thairiscintí dos na seirbhísí taistil agus lastais chuig na h-oileáin.

I gcás na seirbhísí farantóireachta, is é cur chuige na Roinne ná iarratas a dhéanamh ar sholáthróirí a chuirfeadh seoltaí ar fáil lena chinntiú go mbeidh fáil ag oileánaí ar sheirbhís rialta chuig an mórthír ó cheann ceann na bliana.

Íocann an fóirdheontas costais bunaithe na seirbhíse, chomh maith le líon íosmhéid seoltaí. I gcás agus go ndéantar éileamh breise ar sheoltaí a thiteann taobh amuigh do théarmaí an chonradh, is faoi an bhfarantóir iad sin a chuir ar fáil.

I gcás an t-seirbhís aeir, níl eitiltí rialta idir na h-oileáin dhá sholáthair mar chuid den conradh reatha agus tá éileamh déanta ag na h-eagraíochtaí pobail ar na h-oileáin go mbeadh a leithéid ar fáil sa chéad conradh PSO eile.

Tuigeann an Roinn an tábhacht a bhaineann le heitiltí dhá shórt agus tá sé i gceist go dtabharfaidh an chéad conradh eile PSO deis don chomhlacht seirbhíse freastal ar éileamh dhá shórt.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

180. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil i gceist aici soláthar a dhéanamh do sheirbhísí breise meánlae do gach Satharn agus Domhnach a dhéanfadh freastal ar na trí cinn d’Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53476/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi láthair déanann mo Roinn fóir-dheonú ar dhá sheirbhís paisinéara éagsúla chuig trí oileáin Árainn. Dé réir na rialacháin a bhaineann le cúrsaí soláthair poiblí, is é an íosmhéid seoltaí agus eitiltí a iarrtar ar sholáthróirí sna tairiscintí a dhéantar dos na seirbhísí sin.

Maidir leis an t-seirbhís farantóireachta is dhá sheoladh fhillte in n-aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine t-íosmhéid seoltaí a iarradh san Iarratas ar Thairiscint. Sa gconradh a d’aontaigh an Roinn leis an bhfarantóir, cuirtear seoltaí breise i lár an lae ar fáil go hInis Mór ó lár mhí an Aibreáin go lár mhí Meán Fhómhair agus i gcás Inis Meáin agus Inis Oírr, is seoladh amháin breise ar an Domhnach a chuirtear ar fáil ó mí Bealtaine go mí Meán Fhómhair.

Tá tús le cur leis an bpróiseas athnuachana don chonradh farantóireachta sin go luath, áit go gcuirfear fáilte roimh ionchur pobail na n-oileáin agus déanfar cinneadh ar an t-íosmhéid seoltaí a iarrfar sa tairiscint ag an tráth sin.

Maidir leis an tseirbhís aeir, déantar dhá eitilt fhillte ar an Satharn agus an Domhnach go trí oileán Árainn. Is ar maidin agus tráthnóna a dhéantar iad agus i gcás Inis Mór amháin, cuirtear eitilt bhreise i lár an lae ar fáil an dá lá sin.

Tá sé i gceist go dtabharfaidh an chéad conradh eile PSO deis do cibé comhlacht a chuirfidh an seirbhís aeir ar fáil freastal ar éileamh breise ar an deireadh seachtaine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.