Written answers

Wednesday, 3 November 2021

Department of Rural and Community Development

Creimeadh Cósta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

181. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil i gceist aici airgead a chur ar fáil le creimeadh cósta a mhaolú ar oileáin (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53477/21]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, bíonn clár mionoibreacha caipitil á reáchtáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le haghaidh na hoileáin gach bliain.

Iarrtar ar na hÚdaráis Áitiúla atá freagrach d'oileáin atá scartha amach ón mór thír agus ar a bhfuil pobal seasta ina gcónaí orthu, liosta de mhionoibreacha a theastaíonn uathu tabhairt fúthu ar na hoileáin le tacaíocht na Roinne a sholáthar. Chun na tograí a chur i gcrích déantar iad a chomh-mhaoiniú idir an Roinn agus an Údarás Áitiúil.

I gcásanna áirithe déantar na cineálacha tograí atá luaite ag an Teachta a mhaoiniú tríd an scéim seo. Níl aon iarratas reatha ag an Roinn maidir leis na tograí a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dóibh ach tá sé oscailte don Údarás Áitiúil iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú i 2022 agus déanfar é a mheas sa gnáth bhealach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.