Written answers
Wednesday, 6 October 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Peadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
30. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí cúrsa pleanála faoi chúram Údarás na Gaeltachta ar fáil sa Ghaeltacht. [48608/21]
Peadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
34. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cathain a bheidh dlí pleanála nua maidir le tithíocht sa Ghaeltacht curtha i bhfeidhm chun an Ghaeilge a chosaint sa Ghaeltacht. [48676/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 30 and 34 together.
Mar is eol don Teachta, is ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 - faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht.
Faoi réir alt 10(2)m den Acht Um Pleanáil agus Forbairt, 2000 is gá go ndéanfadh plean forbartha cúram do chosaint oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha.
Luaitear in alt 28(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, go bhfuil sé de dhualgas ag údaráis phleanála dul i dteagmháil le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta le tuairimí a lorg i gcás iarratais ar chead pleanála a d'fhéadfadh tionchar a imirt - i dtuairim an údaráis phleanála, ar chur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
Níor mhiste dom a lua go bhfuil mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta i mbun plé leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le roinnt míonna anuas maidir leis an gcóras pleanála mar a bhaineann sé le feidhmiú na bhforálacha thuasluaite ach go háirithe. Is é aidhm lárnach an phlé sin breathnú ar chonas a d'fhéadfaí na cleachtais reatha maidir le feidhmiú na forálacha a threisiú.
No comments