Written answers
Wednesday, 6 October 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Craoltóirí Seirbhíse Poiblí
Peadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
31. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth a bhfuil maoiniú TG4 chomh híseal is a tá sé. [48609/21]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ról reachtúil ag Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le hathbhreithniú agus moladh a dhéanamh ar an leibhéal cuí maoinithe a theastaíonn ó Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí chun a spriocanna seirbhíse poiblí mar atá siad leagtha amach san Acht Craolacháin 2009 a bhaint amach. Ina n-athbhreithniú 5 bliana ar mhaoiniú do Chraoltóirí Seirbhíse Poiblí mhol an tÚdarás €6m breise in aghaidh na bliana do TG4 thar leithdháileadh €34.24m a fuair siad in 2017. Maidir leis sin, fuair mé €3.5m breise i maoiniú státchiste do TG4 in 2021, rud a thug a leithdháileadh bliantúil suas go €40.733m, níos mó ná moladh an BAI. Cuimsíonn an maoiniú €36.733m i maoiniú reatha agus €4m i maoiniú caipitil.
In 2020, fuair mé €1.9m i maoiniú breise státchiste do TG4 chun tacú lena bhfreagra ar phaindéim Covid-19, maoiniú a mhaoinigh cláir cosúil le Cula4 ar Scoil. Cuirfidh mé €100,000 in aghaidh na bliana ar fáil i mbliana agus don dá bhliain atá romhainn do TG4 mar chuid de chomhaontú Dheich mBliana Nua, Cur Chuige Nua chun craoltóireacht na Gaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann.
No comments