Written answers

Tuesday, 27 July 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

566. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad a caitheadh ar dheontais do choláistí cónaithe agus do bhrúnna a bhaineann le coláistí samhraidh Gaeltachta gach bliain le cúig bliana anuas, agus go ndéanfaidh sí idirdhealú idir an maoiniú seo agus an maoiniú a cuireadh ar fáil do mhná agus d’fhir tí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge sa tréimhse chéanna. [40725/21]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

567. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fo-theideal sna meastacháin faoina dtagann an maoiniú a cuireadh ar fáil le haghaidh scoláireachtaí Gaeltachta do dhaltaí i scoileanna DEIS, faoina dtagann an maoiniú a cuireadh ar fáil le haghaidh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, faoina dtagann deontais a cuireadh ar fáil do mhná agus d’fhir tí, agus faoina dtagann deontais a cuireadh ar fáil do choláistí cónaithe agus do bhrúnna. [40726/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) á riar ag mo Roinn ar mhaithe le tacú leis na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do scoláirí dara leibhéal agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na tíre. Tagann an scéim le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus is í an príombhealach a dtacaíonn an Roinn le hearnáil na gColáistí Gaeilge.

Faoin scéim seo, íoctar fóirdheontas laethúil le teaghlaigh Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na coláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Is fiú €10 in aghaidh an lae (ionann le €220 in aghaidh an scoláire i leith cúrsa trí seachtaine) an fóirdheontas seo, a mbaineann breis agus 26,000 scoláire leas as in aghaidh na bliana fad is atá siad ag fanacht in aon cheann den c. 700 teaghlach fud fad na Gaeltachta atá aitheanta faoin scéim.

Is ionann seo agus infheistíocht stáit ar fiú breis agus €4m é san earnáil go bliantúil agus déantar é a mhaoiniú as soláthar reatha (mír C3) mar chuid den Chlár Tacaíochta Pobail agus Teanga.

Íoctar deontas laghduithe (€5 in aghaidh an lae) ón bhfómhír chéanna má tá lóistín curtha ar fáil i mbrú nó coláiste cónaithe. Baineann thart ar 5% de chaiteachas na scéime gach bliain le lóistín i mbrúnna agus coláistí cónaithe.

Mar chuid de Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (fómhír C3), cuireadh tús leis an tionscnamh DEIS Gaeltachta in 2019 faoina gcuirtear 50 scoláireacht ar fáil go bliantúil ar fiú c. €850 an ceann ar mhaithe le deiseanna faoi leith a chur ar fáil do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre chun freastal a dhéanamh ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht.

Ina theannta seo ar fad cuirtear maoiniú ar fáil ó fhómhír C3 don scátheagraíocht Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh.

Leagtar amach sa tábla thíos caiteachas na Roinne ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le cúig bliana anuas.

Bliain Caitheachas SFG
2020 €4,459,456
2019 €4,362,096
2018 €4,134,231
2017 €4,072,253
2016 €4,013,805
Iomlán 2016-2020 €21,041,841

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

568. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é méid an chaiteachais a leithroinneadh chun ionaid pobail Gaeilge agus Cultúrlanna a bhunú agus a reáchtáil sa stát, cé mhéad ionad atá bunaithe agus atá le bunú, cé mhéad Cultúrlann atá bunaithe agus atá le bunú, agus an ndéanfaidh sí miondealú a ar an maoiniú atá tugtha do gach ionad nó Cultúrlann le cúig bliana anuas. [40727/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugadh gealltanas sonrach i gClár an Rialtais go “ndéanfar forbairt Ionaid Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a chur chun cinn ar mhaithe le cur chuige pobail-bhunaithe i leith chur chun cinn na Gaeilge”.

Dar ndóigh, ní dhearnadh leis an ngealltanas seo ach tógáil ar an méid a gealladh roimhe seo i leith na nIonad Gaeilge faoi Phlean Gníomhaíochta an Rialtais 2018-2022 don Ghaeilge (gníomh 4.12 agus 4.13 go sonrach) agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 (faoi Thionscadal Éireann 2040).

Ar bhonn praiticiúil, déanann mo Roinnse tacaíocht shonrach a thabhairt d’fhorbairt Ionad Gaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht, tríd na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge, le hallúntas de €2 mhilliún ann i mbliana.

Is féidir le coistí/eagraíochtaí pobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne. Cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil/athchóiriú agus chun foirgnimh a cheannach le húsáid mar ionad Gaeilge agus trealamh a cheannach dá leithéid d’ionaid.

Is é an cuspóir atá leis an gcuidiú caipitil a chuirtear ar fáil faoin gciste seo an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí Acht na Gaeltachta 2012 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá tuilleadh eolais faoin scéim seo le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne.

Mar a luaigh mé agus an t-ábhar ceanna faoi chaibidil agat cúpla mí ó shin, is iondúil gur ó dháta bunaithe na Roinne nua ar féidir ceisteanna den saghas seo a fhreagairt. Arís, ar mhaithe le heolas iomlánach a chur ar fáil faoin scéim shonrach a bhaineann leis na hIonaid Ghaeilge, feicfidh an Teachta go bhfuil na sonraí a iarradh ó 2018 ar aghaidh curtha ar fáil thíos - i ndáil leis na gealltanais a tugadh ó 2018 ar aghaidh sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027. Is íocaíochtaí iad seo a rinne an Roinn go díreach leis na heagraíochtaí seo.

Ó thaobh caiteachas de, nil aon athrú mór ó d’fhreagair mé ceist uait ar an ábhar ceanna cúpla mí ó shin.

Ionaid Ghaeilge faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Clár Caipitil): 2018 go dáta

Eagraíocht/Ionad Gaeilge Méid Íoctha
Conradh na Gaeilge – Forbairt ar Lárionad Gaeilge i mBÁC 2018: €22,000 (Staidéar Féidearthachta) 2019: €42,500
Gaelphobal Thamhlachta (BÁC) 2019: €23,290
Áras Chrónáin (Cluain Dolcáin, BÁC) 2019: €31,825
Áras Mhic Amhlaigh (Cnoc na Cathrach, Gaillimh) 2020: €730,938 2021: €6,628

Anuas ar an méid thuas, tá tograí eile a d’fhéadfaí a aithint mar ‘Ionad Gaeilge’ nach dtagann faoin scéim thuasluaite. Tá sonraí na gceann sin a rinneadh íocaíocht leo ó mhí Mheán Fómhair 2020, go dáta - i gcomhréir le bunú oifigiúil na Roinne nua - le feiceáil sa tábla thíos. Tá siad seo uile lonnaithe laistigh den Ghaeltacht.

Tograí aitheanta eile: Meán Fómhair 2020 go dáta

Eagraíocht/Ionad Gaeilge Saghas Íocaíochta Méid Íoctha
Áras Scéal an Atlantaigh Fhiáin (Maigh Eo) Íoctha tríd Údarás na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga 2020: €316,000
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh (Gaillimh) Íoctha tríd Údarás na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga 2020: €110,848
Comhlacht Forbartha Inis Meáin – Carcair an Leacht (Gaillimh) Íoctha go díreach faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga 2020: €14,325 (Seirbhísí Gairmiúla) 2020: €77,032 2021: €64,456
Áislann Chill Chartha (Dún na nGall) Íoctha go díreach faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga 2020: €2,991

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

569. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht miondealú a dhéanamh ar na nithe ar ar caitheadh an maoiniú €16,363 a fógraíodh le haghaidh comhoibriú thuaidh-theas sna meastacháin athbhreithnithe. [40728/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fógraíodh €16.362m i Meastacháin Athbhreithnithe mo Roinne le haghaidh 2021 i leith comhoibriú Thuaidh Theas. Tá an maoiniú seo briste síos mar a leanas:

An Foras Teanga Thuaidh Theas
Foras na Gaeilge €12,062,225 Sciar 75% ón deisceart
Gníomhaireacht na hUltaise €732,465 Sciar 25% ón deisceart
Buiséad an Fhoras Teanga faofa ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) €12,794,690
Clár na Leabhar Gaeilge €1,061,165 100% ón deisceart
Colmcille €118,519 50% ón deisceart
Airgead teagmhasach €787,626
Buiséad táscach an Fhoras Teanga C.9 €14.762m
New Decade, New Approach 2021 €1.6 100% ón deisceart
Mór iomlán C.9 2021 €16.362m

Ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta gur buiséad táscach atá anseo sa €14.762m, a chuimsíonn buiséad faofa an Fhoras Teanga Thuaidh Theas (Foras na Gaeilge 75%; Gníomhaireacht na hUltaise 25%), maoiniú imfhálaithe Chlár na Leabhar Gaeilge (100%) agus Colmcille (50%) agus airgead teagmhasach a coinnítear ar leataobh le freastal ar athuithe i rátaí malartaithe airgid agus cnapshuimeanna pinsin de chuid Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise.I gcás go mbíonn fuílleach fágtha sa bhfomhír ag deireadh na bliana, dáiltear é ar thionscadail riachtanacha eile de chuid mo Roinne in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is í an Roinn Pobal ó thuaidh, an Roinn urraíochta eile de chuid an Fhoras Teanga, a íocann an céatadán eile de bhuiséad an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas agus scéim Colmcille.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

570. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é méid an chaiteachais a leithroinneadhle haghaidh líonraí gnó Gaeilge sa stát, agus an ndéanfaidh sí miondealú de réir líonra nó eagraíochta, lena n-áirítear Gaillimh le Gaeilge, Gael-Taca, Gnó Mhaigh Eo, agus Cill Dara le Gaeilge. [40729/21]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge de chuid mo Roinne, maoinítear réimse eagraíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht lena áiritear Gaillimh le Gaeilge, Gael Taca, Gnó Mhaigh Eo agus Cill Dara le Gaeilge. Tá maoiniú reáchtála a chur ar fáil do na heagraíochtaí seo le blianta fada anois (seachas Cill Dara le Gaeilge a bhfuil tús curtha le maoiniú na Roinne dóibh i mbliana) chun deis a thabhairt don phobal an Gaeilge a labhairt agus iad i mbun gnó agus chun gréasáin de chainteoirí Gaeilge a fhorbairt.

Gnó Gaeilge Íoctha

2020

Ceadaithe

2021

Ceadaithe 2022

Ceadaithe 2023

Gaillimh le Gaeilge 146,035 157,460 164,460 171,000
Cill Dara le Gaeilge - 73,046 74,692 73,000
Gnó Mhaigh Eo 139,665 - - -
Gael Taca 102,924 - - -

Tá iarratais ar mhaoiniú don tréimhse 2021 - 2023 faighte ó Ghnó Mhaigh Eo agus Gael Taca le réimse gníomhaíochtaí a chur chun cinn agus tá plé á dhéanamh idir na eagraíochtaí agus oifigigh mo Roinn maidir leis na hiarratais sin faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.