Written answers
Tuesday, 27 July 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Coimisiún Logainmneacha
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
565. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta a rinneadh an barántas faoinar bunaíodh an Coimisiún Logainmneacha a chúlghairm, an soláthróidh sí cóip den ordú cúlghairme seo, agus an bhfoilseoidh sí an t-ordú seo don phobal. [40724/21]
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais i 2011, socraíodh mar chuid de Phlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí go mbunófaí coiste saineolaithe, a bheadh ag feidhmiú ar bonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha. Bunaíodh an Choiste, agus é mar phríomhdhualgas aige comhairle a chur ar an Aire maidir le logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ceapadh Coiste nua Logainmneacha ar 11 Eanáir 2020.
Déantar tagairt fós don Choimisiúin Logainmeacha in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is gá leasú a dhéanamh ar an Acht úd, le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), chun a chumasú don Aire Orduithe Logainmneacha a dhéanamh. Tá leasú ceadaithe chuige sin anois ag an Rialtas, faoi mar a fógraíodh ar 8 Iúil 2021.
Anuas air sin, i measc na leasuithe atá le cur i láthair ag Céim na Tuarascála den Bhille, tá foráil, chun amhras a sheachaint, go cuirfear deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha, mar a fhoráiltear sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí 2011.
No comments