Written answers
Tuesday, 29 June 2021
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Coimisiún Logainmneacha
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
184. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén méid san iomlán de mhaoiniú stáit a tugadh don Choimisiún Logainmneacha gach bliain ó bunaíodh é go dtí gur cuireadh deireadh leis. [34595/21]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag eascairt as moltaí Phlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, cuireadh deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha sa bhliain 2012, tráth gur ceapadh Coiste Logainmneacha in áit. Ó bunaíodh mo Roinn i lár 2020, dá réir, níor rinneadh aon chaiteachas i leith an Choimisiúin Logainmneacha
Bhíodh baill an Choimisiúin i dteideal costais taistil agus cothabhála, agus íocadh táille chuig na baill, de réir na rátaí a bhí ceadaithe ag an am.
Feidhmíonn an Coiste Logainmneacha ar bhonn pro bono, ach tá na baill i teideal costais taistil agus cothabhála a éileamh de réir na gnáthrátaí atá ceadaithe ag an Rialtas.
Oibríonn an Coiste Logainmneacha i gcomhar le Brainse Logainmneacha de chuid mo Roinne. Is foireann de chuid mo Roinne iad foireann an Bhrainse agus áirítear a gcostas siúd mar chuid d’ollchostais foirne na Roinne.
Íocann mo Roinn maoiniú chomh maith le Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Bhaile Átha Cliath, chun cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar Bhunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha. Íocadh maoiniú €203,996 sa bhliain 2020 i leith logainm.ie.
No comments