Written answers

Tuesday, 29 June 2021

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

183. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí miondealú ar cé hiad atá ceaptha chun dáileadh a dhéanamh ar an €5 milliún faoin bhfotheideal C.10 “Próiseas Pleanála Teanga” atá sonraithe sna Meastacháin Athbhreithnithe de chuid Vóta 33, agus an dtabharfaidh sí míniú ar an idirdhealú atá idir an maoiniú sin agus an tacaíocht a thugann Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge don phleanáil teanga. [34590/21]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baintear leas as fomhír C10 mo Roinne le cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an Phróisis Pleanála Teanga.

Dáiltear sciar den chiste ar bhonn bliantúil ar Údarás na Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge faoi seach atá freagrach, faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, ar stiúir a dhéanamh ar fheidhmiú an phróisis mar a bhainean sé leo.

D’fhógair mé le deireanaí go bhfuil maoiniú suas le €2,751,000 ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus €653,500 d’Fhoras na Gaeilge ón gciste sin do 2021. Bainfidh na heagraíochtaí sin úsáid as an maoiniú sin chun tacú le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga anuas ar thacaíochtaí eile a chur ar fáil don phróiseas.

Anuas ar sin, chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga, cuirtear maoiniú ar fáil ón gciste C10 do na hearnálacha: Na luatbhlianta; An Teaghlach agus na healaíona traidisiúnta. Mar chuid den cur chuige seo ceadaíodh allúntas trí bliana ar fiú €1,600,522 le gairid don eagraíocht: Tuismitheoirí na Gaeltachta chun go leanfaidís ar cur seirbhísí ar fáil i réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Tá allúntas de €425,000 in aghaidh na bliana ceadaithe faoi láthair d'Ealaín na Gaeltachta ón gciste chomh maith chun cuidiú leo tacaíochtaí a chur ar fáil do na healaíona traidisiúnta a dírítear go príomha ar aos óg na Gaeltachta.

Maidir le gnóthaí luatbhlianta, tá plé ar bun faoi láthair i gcomhar leis an Údarás agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta faoi chomhaontú úr a shocrú. Tuigfidh an Teachta nach féidir a bheith cinnte faoi cé mhéad a cheadófaí sa chás seo do tí go mbeidh an plé sin críochnaithe.

Ina theannta sin, baintear leas as an gciste chun maoiniú ar fiú €75,000 thar tréimhse trí bliana a chur ar fail don togra: Fighting Wordsar mhaithe le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe Gaeilge a chur ar fáil d'aos óg na Gaeltachta tríd an tionscnamh faoi leith seo.

Cé go bhfuil fomhír C10 de chuid mo Roinne dírithe go heisiach ar chur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga taobh istigh agus taobh amuig den Ghaeltacht faoi réir fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012, tácaíonn na cláir éagsúla eile atá á reáchtáil ag Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge leis an bpróiseas chomh maith. Is féidir tuilleadh faisnéise maidir leis na cláir sin a fháil ag www.udaras.ie agus ag www.forasnagaeilge.ie.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.