Written answers
Thursday, 1 April 2021
Department of Education and Skills
Oideachas trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
211. To ask the Minister for Education and Skills cathain a fhoilseofar an polasaí cuimsitheach don Ghaeilge ón oideachas réamhscolaíochta go dtí oiliúint na múinteoirí do gach scoil, mar atá geallta sa Chlár Rialtais; cén dul chun cinn atá déanta ar an bpolasaí seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17761/21]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá obair leanúnach ar siúl ag mo Roinn le réamhphleanáil ar na céimeanna atá ag teastáil chun polasaí don oideachas lán-Ghaeilge a fhorbairt. Táim ag súil leis an obair thábhachtach seo a thabhairt chun cinn chun tógáil ar na torthaí dearfacha atá bainte amach cheana féin i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta chun an t-oideachas lán-Ghaeilge a láidriú. Táim ag súil le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ábhartha éagsúla chun an obair thábhachtach seo a chur chun cinn.
No comments