Written answers

Thursday, 1 April 2021

Department of Education and Skills

Curaclam Scoile

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

212. To ask the Minister for Education and Skills an mbeadh sí sásta an tréimhse ama don phróiseas comhairliúcháin faoin gcuraclam nua a mholtar do Ghaeilge na hArdteistiméireachta a leathnú ionas go mbeidh múinteoirí, scoileanna agus príomhoidí in ann páirt a ghlacadh i gceart sa phróiseas gan cur leis an mbrú faoina bhfuil siad ag obair faoi láthair agus srianta Covid-19, buairt sláinte agus coinníollacha nua múinteoireachta ag cur ualach breise ar a gcuid oibre; agus an aontaíonn sí nach féidir an chomhairle chuí a fháil ó mhúinteoirí, scoileanna agus príomhoidí agus iad faoin mbrú ollmhór seo. [17762/21]

Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'oscail an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) an comhairliúchán ar dhréacht-shonraíochtaí do Ghaeilge na hArdteistiméireachta ar an 23 Feabhra 2021. Agus an próiseas comhairliúcháin á phleanáil agus á dhearadh, chuimhnigh an NCCA ar na cúinsí an-dúshlánacha a chur san áireamh atá roimh mhúinteoirí, scoláirí, cheannairí scoile agus a bpobail mar gheall ar Covid-19. D’fhonn an oiread deiseanna agus is féidir a chur ar fáil dóibh siúd go léir ar spéis leo dul i mbun an phróisis, tá sé beartaithe an comhairliúchán seo a choinneáil ar oscailt ar feadh tréimhse sé mhí. De ghnáth, déantar comhairliúcháin ar dhréacht-shonraíochtaí ábhair thar tréimhse idir sé agus ocht seachtaine.

Tá an NCCA ag úsáid réimse teicnící comhairliúcháin lena n-áirítear suirbhé ar líne, grúpa fócais agus cruinnithe déthaobhacha, chomh maith le haighneachtaí i scríbhinn chun eispéiris agus peirspictíochtaí na rannpháirtithe ar gach gné de na dréacht-shonraíochtaí a bhailiú agus a thaifeadadh. Áirítear orthu seo na cineálacha eispéiris foghlama, teagaisc agus measúnaithe atá leagtha amach do scoláirí.

Chun feasacht a mhúscailt níos mó faoin deis seo chun cur leis na forbairtí curaclaim seo agus chun rannpháirtíocht chomh leathan agus is féidir a chumasú, tá an NCCA ag obair as láimh a chéile le comhghleacaithe i roinnt eagraíochtaí laistigh den earnáil oideachais lán-Ghaeilge chomh maith. Mar shampla, d'óstáil an NCCA, i gcomhar le Gaeloideachas, seisiún faisnéise agus ansin reáchtáladh grúpaí fócais comhairliúcháin do mhúinteoirí i suíomhanna T1/L1 go luath i mí an Mhárta.

Tá tuilleadh cruinnithe grúpa fócais le múinteoirí i gcomhthéacsanna T1 agus T2 beartaithe i gcomhar le COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta).

Tá a fhios agam gur chuir roinnt eagraíochtaí Gaeilge in iúl go bhfuil imní orthu maidir leis an tréimhse chun an próiseas comhairliúcháin atá ar siúl a chríochnú. Tuigim go mbeidh an NCCA ag bualadh le cuid de na heagraíochtaí seo an mhí seo chugainn. Beidh deis ann ansin na saincheisteanna sin a phlé.

Is maith a thuigeann an NCCA an tábhacht agus an luach a bhaineann le haiseolas láidir ó gheallsealbhóirí ar dhréacht-shonraíochtaí curaclaim chun bonn eolais a chur faoi dhoiciméad dá leithéid agus iad á gcur i gcrích. I bhfianaise na paindéime atá ann faoi láthair tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag an NCCA ar an bpróiseas comhairliúcháin atá ar siúl.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

213. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth a ndéanfadh dalta scoile nó scoil cúrsa T1 a roghnú in ionad T2 mar atá molta don Ghaeilge san Ardteist nuair nach bhfuil buntáiste ar bith ag gabháil leis, agus go mbeadh sé níos deacra marcanna arda a bhaint amach toisc an scrúdú a bheith níos deacra agus an caighdeán iomaíochta a bheith níos airde. [17763/21]

Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sna dréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 le haghaidh na hArdteistiméireachta don Ghaeilge a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe tá roinnt seachtainí ó shin i gcomhair comhairliúcháin, tógtar ar na forbairtí suntasacha i soláthar curaclaim na Gaeilge ar leibhéil na bunscolaíochta agus na Sraithe Sóisearaí. Mar fhreagra d’aiseolas ó na páirtithe leasmhara, tugadh isteach sonraíochtaí idirdhealaithe T1 agus T2 don tSraith Shóisearach den chéaduair in 2017. Ina dhiaidh sin tugadh isteach Curaclam Theanga na Bunscoile nua (don Ghaeilge agus don Bhéarla) i leith na gcéimeanna uile ar leibhéal na bunscolaíochta in 2019, atá idirdhealaithe freisin do chomhthéacsanna T1 agus T2.

Is é cuspóir mo Roinne feabhas a chur ar chaighdeáin oideachais agus ar cháilíocht na n-eispéireas foghlama do na daltaí go léir, lena n-áirítear a ndeiseanna chun dul i ngleic le staidéar na Gaeilge de réir a gcumas sa Ghaeilge thar an gcontanam. I soláthar na sonraíochtaí T1 agus T2 faoi choinne na Gaeilge le haghaidh na hArdteistiméireachta, tógtar ar an soláthar idirdhealaithe atá ann don Ghaeilge ar leibhéil na bunscolaíochta agus na sraithe sóisearaí, trína gceadaítear do dhaltaí a gcuid scileanna agus a n-inniúlachtaí sa Ghaeilge a chur chun cinn, a dhaingniú agus a fheabhsú. Faoi mar a dúradh i sonraíocht na Sraithe Sóisearaí, tá tábhacht ar leith ag baint le soláthar na sonraíochta T1 i leith na Gaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge chun tacú le rochtain na ndaltaí ar an bhfoghlaim agus ar choincheapa in ábhair eile agus ar éispéiris foghlama thar an gcuraclam ar fad, agus chun forbairt a dhéanamh ar a n-inniúlacht maidir le láimhsiú na gcoincheap sin agus lena bhfoghlaim a léiriú agus le go mbeidís mar chumarsáidithe as Gaeilge trí leas a bhaint as réimse scileanna teanga ar mhaithe leis an oideachas agus mar shaoránaigh ghníomhacha ina bpobail teanga.

Tuigtear dom go bhfuil na páirtithe leasmhara tar éis tuairimí a chur in iúl maidir leis an tslí chun sonraíocht T1 na hArdteistiméireachta a ghríosú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil na sonraíochtaí T1 agus T2 ar chéim an chomhairliúcháin san am i láthair agus dá réir sin d’fhéadfaidís athrú, ag brath ar aiseolas na bpáirtithe leasmhara. Féadaim a dheimhniú, áfach, go bhfuil oifigigh mo Roinne ag déanamh bearta iomchuí a mheas a d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm le go spreagfaí roghnú na sonraíochta T1. Déanfar a leithéid de bhearta a mheas i gcomhchomhairle leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM), ós í ár gcomhpháirtí Roinne í le go mbainfear amach réimse beart a bhaineann leis an oideachas faoi mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Sa dóigh sin, tá ról tábhachtach ag baint le soláthar curaclaim na Gaeilge inár scoileanna chun cur le cuspóir soiléir an Rialtais maidir le líon na n-úsáideoirí laethúla Gaeilge a ardú taobh amuigh den chóras oideachais agus maidir leis an aidhm foriomlán a bhaint amach lena mbeidh Gaeilge ag 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí faoin mbliain 2030 i gcomhréir le Bille na dTeangacha Oifigiúla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.